Tugann an tAire Healy-Rae athdhearbhú d’úinéirí foraoise maidir le tacaíochtaí amach anseo
- Foilsithe: 25 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’athdhearbhaigh an tAire Stáit don Fhoraoiseacht, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, a thiomantas do thacaíocht a thabhairt d’úinéirí foraoise i ndiaidh an damáiste shuntasaigh stoirme, mar a chríochnaigh an Tascfhórsa um Fhoraoisí Leagtha ag an nGaoth an tríú cruinniú a bhí acu. Dhearbhaigh an Tascfhórsa anois go léirítear sna meastacháin go ndearna an ghaoth damáiste do bheagnach 24,000 heicteár d’fhoraoisí—breis agus dhá oiread an mhéid bhliantúil a bhaintear—rud a spreag plé práinneach ar chur leis an toilleadh fómhair agus úsáid acmhainní, lena n-áirítear tacaíocht fhéideartha thar lear.
I ndiaidh an chruinnithe, d’aithin an tAire Healy-Rae scála an dúshláin, ag rá:
“Tá garmheastachán againn anois ar an damáiste a rinneadh, agus ní mór díriú ar a chinntiú go bhfuil sé d’acmhainn ag an earnáil an ghéarchéim seo a bhainistiú. Díríodh sa phlé inniu ar chur leis an bhfórsa oibre chun pleanáil a dhéanamh, an fómhar a bhaint, an t-adhmad seo a iompar chuig áiteanna eile agus é a chur ar an margadh. Molaim gach duine a bhfuil baint acu leis an Tascfhórsa as a gcuid rannpháirtíochta réamhghníomhaí, tairbhí, agus leanfaimid orainn ag obair go córasach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na húinéirí talún a raibh tionchar ag an ngaoth mhór orthu.”
Lena chois sin, d’athdhearbhaigh an tAire do na húinéirí foraoise gur féidir leo siúd a bhfuil an ceadúnas cuí acu na foraoisí a ghlanadh agus tús a chur leis an athphlandú, agus nach gá dóibh a bheith buartha go mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste i scéimeanna cúnaimh amach anseo:
“Tá a fhios agam gur mhaith le go leor úinéirí foraoise gníomhú go sciobtha chun teacht chucu féin i ndiaidh na gcaillteanas. Cé go bhfuil an plé maidir le tacaíocht bhreise ar siúl i gcónaí, is féidir liom a dhearbhú nach mbeidh tionchar ag aon obair a dtugtar fúithi anois ar incháilitheacht do chúnamh féideartha amach anseo.”
Ag an gcruinniú, sheol an tAire Healy-Rae dhá uirlis bhreisithe chun tacú leis an gcinnteoireacht—an tÁireamhán Toirte Crainn agus Carbóin agus an Uirlis Cinnidh Leagtha—a chabhróidh le húinéirí foraoisí cinntí bainistíochta bunaithe ar eolas a dhéanamh. Tugtar léargais thábhachtacha airgeadais sna huirlisí seo, ag cabhrú le hioncam adhmaid a mheas thar thimthriall na foraoise agus na torthaí ar chrainn a leagan go luath a mheas le hais tuilleadh damáiste a d’fhéadfadh an ghaoth a dhéanamh dóibh amach anseo.
Ag labhairt faoina dtábhacht, dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Leagadh béim i dtaispeántas inniu ar an difríocht ollmhór luacha idir barr 22 bliain d’aois agus barr 32 bliain d’aois. Beidh an Uirlis Cinnidh Leagtha thar a bheith úsáideach dóibh siúd a bhfuil roinnt damáiste déanta dá gcuid foraoisí, ag cabhrú leo an tionchar airgeadais a bhainfeadh leis an suíomh a ghlanadh a thuiscint le hais ligean do na crainn dul in aibíocht.”
Spreag an tAire úinéirí talún freisin dul i dteagmháil le comhlachtaí tionscail amhail The Irish Forest Owners, Teagasc, agus SEEFA, a bhíonn ag tabhairt treorach go gníomhach trí imeachtaí agus clinicí duine ar dhuine. “Molaim go láidir d’úinéirí talún atá ag déileáil le damáiste ón ngaoth freastal ar na himeachtaí seo agus iad féin a ullmhú leis an bhfaisnéis is fearr.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Cabhróidh Teagasc le cur i bhfeidhm ar bhonn céimneach na n-uirlisí tacaíochta cinntí ag imeachtaí éagsúla de chuid Teagasc – Talking Timber agus clinicí duine ar dhuine.
Tá Áireamhán Toirte Crainn agus Carbóin, Uirlis Cinnidh Leagtha agus uirlisí eile ar fáil ar shuíomh na Roinne: [nasc seachtrach https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/tree-felling-and-management/? | https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/tree-felling-and-management/?]