Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Heydon rannpháirt i gCruinniú Mullaigh MNTA chun deiridh

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D. béim ar iarrachtaí na hÉireann a bheith ceannródaíoch i dtaobh Córais Bhia Inbhuanaithe ag an Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid (MNTA) a reáchtáladh in Washington D.C.

Ag breathnú siar ar an ócáid, cloch mhíle thábhachtach roimh Chomhdháil na bPáirtithe (CP) 28 a reáchtálfar in Dubai Mí na Samhna seo chugainn, dúirt an tAire Heydon:

“Tá níos mó ná 500 comhpháirtí i ndiaidh teacht le chéile faoi thionscnamh MNTA chun tuilleadh infheistíochta agus tacaíochta a ghealladh do thaighde ar thalmhaíocht agus ar chórais bhia a bhaineann le haeráid in am nuair atá slándáil an tsoláthair bhia ag dul in olcas ar fud an domhain. Is léiriú é ar an tiomantas domhanda chun nuálaíocht a ghéarú agus chun réitigh infheidhmithe a fhorbairt.”

Bhí sraith de chruinnithe déthaobhacha ag an Aire Heydon i gcaitheamh an chruinnithe mullaigh, lena n-áirítear:

  • Cruinniú leis an Aire AEA um Athrú Aeráide agus Comhshaoil, a Soilse Mariam Almheiri
  • Cruinniú leis an Dr. Chavonda Jacobs-Young, Fo-Rúnaí Taighde, Oideachais agus Eacnamaíochta ag Roinn Talmhaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Cruinniú le Robert Bonnie, Fo-Rúnaí do Tháirgeadh agus Caomhantas Feirme ag Roinn Talmhaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • An Dr. Cary Fowler, Toscaire Speisialta na Stát Aontaithe um Shlándáil an tSoláthair Bhia

Chuir an tAire Heydon leis an méid seo ag rá:

“Deis thábhachtach ab ea na teagmhálacha seo chun béim a leagan ar an obair shuntasach atá á déanamh in Éirinn nuálaíocht a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus ar sheasmhacht an tsoláthair bhia. Leis an taithí seo a roinnt, tá súil againn ról tábhachtach a imirt i dtaca le claochlú domhanda na gcóras bia, rud a rachaidh chun sochair gach duine.”

Le linn an Chruinnithe Mullaigh, tugadh cuireadh d'Éirinn a bheith rannpháirteach sa seisiún fuascailte faoi threorú an AE ar shláinte ithreach chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Thagair an Dr. Karen Daly ó Theagasc do na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le monatóireacht agus deimhniú a dhéanamh ar leithlisiú carbóin in ithir, agus dhírigh an tAire ar thábhacht na sláinte ithreach i leithlisiú carbóin, i mbia dlúthchothaitheach a tháirgeadh, i dtacaíocht don bhithéagsúlacht agus i seasmhacht a dheimhniú i gcoinne an athraithe aeráide.

D'óstáil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara seisiún ag an gCruinniú Mullaigh darbh ainm

“Léiriú Domhain ar Chlaochlú na hEarnála Agraibhia in Éirinn” a bhí faoi cheannas an Aire.

I dtús a chuid cainte, dúirt an tAire Heydon “tá comhfhreagracht ann chun éilimh iomaíocha úsáide talún a fhreagairt agus a dheimhniú go bhfuil ár gcórais táirgthe bia ag táirgeadh bia ach le níos lú astuithe chun cuspóirí Inbhuanaitheachta an NA a chomhlíonadh i dtaca le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus ocras a dhíothú.”

"Is é freagra na ceiste ná an nuálaíocht, ach ní mór na nuálaíochtaí seo a chur i bhfeidhm. Chun cabhrú le conair bhrostaithe a chur chun feidhme, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh dul i gcomhpháirtíocht le Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide (Climate KIC) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) chun tacú le gníomhú náisiúnta ar son na haeráide san earnáil talmhaíochta.”

Ina ráiteas deiridh faoin gcruinniú mullaigh, dúirt an tAire Heydon

"Táim muiníneach go gcomhlíonfaidh an pobal talmhaíochta a gcuid gealltanas agus an domhan uile ag tógáil bóthar na neodrachta carbóin orainn féin: deimhneoidh nuálaíocht eolaíochta go bhforbróimid ár gcórais táirgthe bia chun leanúint orthu ag táirgeadh bia ar bhealach atá níos inbhuanaithe. Cuireann comhpháirtíochtaí ar nós MNTA ardán ar fáil dúinn chun ár n-iarrachtaí a thabhairt le chéile ar bhonn idirnáisiúnta, chun ár réitigh a roinnt leis an domhan trí chéile chun teacht ar chonair aistrithe atá inchreidte, inmharthana d'fheirmeoirí ar bhonn eacnamaíoch agus a thabharfaidh gach duine linn."

Nótaí don eagarthóir

  • Is comhthionscnamh ag na Stáit Aontaithe agus ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha é an Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid (MNT don Aeráid/MNTA). Bunaíodh an tionscnamh sa bhliain 2021, agus seoladh go foirmiúil é ag Comhdháil na bPáirtithe 26 i nGlaschú, an RA, ar an 2 Samhain 2021.
  • MNT don Aeráid: Le linn an chruinnithe mullaigh, fógraíodh infheistíochtaí, comhpháirtithe agus acmhainní nua chun an tionscnamh a bhrú chun cinn i dtreo CP 28, lena n-áirítear:
  • Infheistíocht Mhéadaithe: Mhéadaigh na comhpháirtithe a n-infheistíocht i dtalmhaíocht aeráid-chliste agus i nuálaíocht córas bia go breis is €13 billiún (thar bhonnlíne 2020), rud a sháraigh an dúshlán a thug Toscaire Speisialta. SAM don Aeráid John Kerry ag CP27, $10 mbilliún d'infheistíocht a bhaint amach.
  • Ráibeanna Nuálaíochtaí: 21 ráib nuálaíochta nua, ar fiú $1.8 billiún san iomlán iad in infheistíocht mhéadaithe i dtalmhaíocht aeráid-chliste agus i nuálaíocht córas bia, rud a mhéadaíonn líon iomlán na ráibeanna nuálaíochtaí go 51 (níos mó ná $3 bhilliún).
  • Comhpháirtithe: Comhpháirtithe nua lena n-áirítear an Airgintín, Fidsí, Guatamala, an India, Panama, Paragua agus Srí Lanca, rud a mhéadaíonn líon na bpáirtithe rialtais, ráibeanna nuálaíochta agus eolais go breis is 500.
  • Fionnachtain Talmhaíochta: Is plean idirnáisiúnta é The Breakthrough Agenda, a sheol 45 ceannaire domhanda ag CP26, chun gníomhú comhchoiteann aeráide a chomhordú agus a láidriú gach bliain ionas go ndéanfar cur chun feidhme na dteicneolaíochtaí glana a mhéadú agus a bhrostú go mór agus go laghdófar costais. Tá an Fhionnachtain Talmhaíochta dírithe ar ghníomhú idirnáisiúnta a chuirfidh dlús le cur chun feidhme agus glacadh teicneolaíochtaí agus réiteach ar féidir leo a dheimhniú "gurb é an talmhaíocht inbhuanaithe aeráid-dhíonach an rogha is tarraingtí, is láidre agus is mó a bhfuil glacadh ag feirmeoirí ar fud an domhain leis roimh an mbliain 2030.
  • Seisiún Fuascailte Éireann in MNTA - “Léiriú Domhain ar Chlaochlú na hEarnála Agraibhia in Éirinn”:

o Le chéile, leag Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 de chuid Éireann agus Straitéis na Físe don Bhia 2030 pleananna uaillmhianacha amach don earnáil agraibhia. Is í an sprioc ná astaíochtaí a laghdú 25% faoi 2030, agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Beidh cuir chuige nua agus nuálacha ag teastáil ó gach duine sa tionscal agus sa tír trí chéile chun an méid seo a bhaint amach. Caithfidh Éire smaointeoireacht agus cuir chuige nua a dhaingniú san earnáil chun spriocanna a chomhlíonadh agus earnáil rathúil a bheith aici ag an am céanna.

o Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in Éirinn i ndiaidh dul i gcomhpháirtíocht le Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht – an chomhpháirtíocht nuálaíochta aeráide is mó san Eoraip - chun obair leis na páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí san earnáil agraibhia in Éirinn agus chun cabhrú le conair bhrostaithe gníomhaithe aeráide a chur i bhfeidhm.

o Tá Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide ag cur a saineolais idirnáisiúnta ar nuálaíocht aeráide agus athrú córais le chéile le heolas áitiúil agus eagraíochtaí áitiúla chun tacú leis an earnáil agraibhia teacht faoi bhláth agus cuspóirí aeráide dúshlánacha de chuid na hearnála a chomhlíonadh ag an am céanna.

  • Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (PGA23), a seoladh i Mí na Nollag 2022, an dara huasdátú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 atá ag Éirinn. Is é an plean seo an chéad phlean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, agus i ndiaidh buiséid charbóin uile-gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnálacha a thabhairt isteach. Cruthóidh cur chun feidhme an Phlean Ghníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna nua eacnamaíochta agus cosnóidh sé daoine agus an pláinéad. Is féidir leat breathnú ar PGA23 agus ar a Iarscríbhinn Gníomhaíochtaí ANSEO nó cuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat