Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Beart um Bháinseach Ilspeicis


Cad é An Beart um Bháinseach Ilspeicis

Tá sé mar aidhm ag An Beart um Bháinseach Ilspeicis feirmeoirí a spreagadh chun báinseacha ilspeicis (MSS) a chur. Faoin mbeart seo déanfar íocaíocht leis na Comharchumainn/Miondíoltóirí Talmhaíochta rannpháirteacha chun cabhrú le feirmeoirí leis an gcostas a bhaineann le meascáin shíolta ilspeicis a cheannach. Cabhróidh sé seo le bunú na mbáinseacha seo.

Tá torthaí dearfacha léirithe ag obair thaighde a rinneadh ar bháinseacha ilspeicis ar cheapacha le hionchur íseal nítrigine. D’fhéadfadh na báinseacha seo córas táirgthe atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a sholáthar a cheadódh ceapadh carbóin méadaithe agus ag an am céanna astaíochtaí ocsaíd nítriúil a laghdú, ar gás ceaptha teasa cumhachtach é.

Conas cáiliú

Chun a bheith incháilithe don Bheart um Bháinseach Ilspeicis, ní mór duit:

• Iarratas ar BPS a bheith curtha isteach agat i 2021/2022

• Déan iarratas ar líne ag agfood.ie faoin spriocdháta, meán oíche an 14ú Aibreán 2022.

• Tar éis ceadú a fháil, ceannaigh an meascán Síolta Ilspeicis ainmnithe ón Miondíoltóir Talmhaíochta/Comharchumann ainmnithe faoin 31ú Lúnasa 2022.

• Ní mór an bháinseach ilspeicis a bhunú ar thailte atá dearbhaithe mar bháinseacha ilspeicis ar iarratas BPS 2022 an iarrthóra ceadaithe.

Ráta íocaíochta

Nuair a bheidh iarrthóir faofa faoin mBeart um Bháinseach Ilspeicis déanfar íocaíocht de €50 in aghaidh an mhála 12kg de shíol ilspeicis a cheannaítear (suas go dtí an t-uasmhéid ceadaithe) leis an gComharchumann/Miondíoltóir Talmhaíochta. Ní mór é seo a bhaint as an bpraghas iomlán a ghearrfadh an miondíoltóir de ghnáth. Tá rannpháirtíocht deonach agus tá sé oscailte do gach réigiún agus fiontar talmhaíochta.

Liosta de na Miondíoltóirí Talmhaíochta/Comharchumainn atá faofa ag An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun páirt a ghlacadh sa Bheart um Bháinseach Ilspeicis 2022

Liosta de na Miondíoltóirí Talmhaíochta/Comharchumainn atá faofa ag An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun páirt a ghlacadh sa Bheart um Bháinseach Ilspeicis 2022
Amharc amharc

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leatsa, nó do chomhairleoir ar do shon, iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh ar agfood.ie . Ní mór iarratais a bheith faighte faoin dáta deiridh, 4ú Aibreán. Má fhaightear níos mó iarratas ná an méid síl atá ar fáil is féidir laghdú pro rata ar an méid síolta a chur i bhfeidhm.

Caithfidh tú na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh

Téarmaí agus Coinníollacha agus doiciméid eile

Téarmaí agus Coinníollacha maidir leis An Beart um Bháinseach Ilspeicis
Amharc amharc
An Beart um Bháinseach Ilspeicis – Ceisteanna Coitianta
Amharc amharc
An Beart um Bháinseach Ilspeicis – Foirm léirithe spéise Miondíoltóir Talmhaíochta
Amharc amharc

Teagmháil

An Beart um Bháinseach Ilspeicis

Seoladh:
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. , Y35 PN52 Ríomhphost:
Ríomhphost:

mssm@agriculture.gov.ie

Teileafón:
053 9163425

Cosaint Sonraí

Dírítear d’aird ar an bhFógra Cosanta Sonraí ar láithreán gréasáin na Roinne ag Fógraí Príobháideachta um Chosaint Sonraí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat