An Scéim Dreasachta Curaíochta
- Foilsithe: 30 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2024
- Cad í an Scéim Dreasachta Curaíochta
- Conas Cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Ceisteanna Coitianta
Cad í an Scéim Dreasachta Curaíochta
Is beart tacaíochta í an Scéim Dreasachta Curaíochta (TIS) d'fheirmeoirí chun an méadú ar na barra curaíochta incháilithe in 2022 a spreagadh chun an spleáchas ar ábhar beatha allmhairithe a laghdú.
Conas Cáiliú
Is féidir le feirmeoirí ullmhú don scéim trí na barra incháilithe - eorna, cruithneacht, coirce, seagal, ráib, arbhar Indiach, biatas - a dhearbhú ar a n-iarratas ar líne faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022. Scríobhfaidh an Roinn chuig feirmeoirí incháilithe i mí an Mheithimh 2022 ag tabhairt cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh ar an scéim.
Tá dhá phríomhriachtanas incháilitheachta ann:
• Ní mór méadú a bheith ann ar iomlán na mbarr curaíochta a bheidh á bhfás ar an ngabháltas in 2022 i gcomparáid le 2021.
• Ní mór go raibh an talamh ar a bhfástar na barra incháilithe breise don scéim seo i dtalamh féaraigh nó i gceann de na barra neamh-churaíochta eile a liostaítear thíos in 2021.
Roghnaítear sampla d'iarratasóirí scéime le haghaidh cigireachta gach bliain.
Ní mór duit coinníollacha na Scéime Dreasachta Curaíochta a chomhlíonadh.
Rátaí íocaíochta
Íocfar €400 leat le haghaidh gach heicteár incháilithe.
Táthar ag súil gcuirfear tús le híocaíochtaí i mí na Nollag 2022.
Mura gcomhlíonann tú coinníollacha uile na scéime, d'fhéadfá íocaíocht laghdaithe a fháil nó gan íocaíocht ar bith.
Téarmaí agus Coinníollacha
Caithfidh tú na téarmaí agus na coinníollacha a léamh
Ceisteanna Coitianta
Tillage Incentive Scheme - TIS
- Seoladh:
- Department of Agriculture, Food, and the Marine Old Abbeyleix Road Portlaoise Co. Laois
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
057-8674422