English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta



Cad é TAMS 3 - An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS)

Éascaíonn an Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) an Earnáil Curaíochta chun cur chuige spriocdhírithe agus beacht a fhorbairt ag díriú ar dhíbhinní comhshaoil, éifeachtúlacht agus fás agus cuireann sí tacaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí chun cabhrú leo iomaíochas feabhsaithe, éifeachtúlacht mhéadaithe, fás agus buntáistí comhshaoil a bhaint amach.


Conas cáiliú don scéim

Tá an scéim oscailte d'fheirmeoirí a bhfuil 15 heicteár ar a laghad de thailte faoi úinéireacht, ar léas nó ar cíos acu a dearbhaíodh faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) nó faoin Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) nó a choibhéis sa bhliain a dhéantar an t-iarratas nó sa bhliain roimhe sin.


Ráta íocaíochta

Ní íocfar cabhair deontais ach ar chaiteachas formheasta, críochnaithe agus incháilithe agus íocfar í ag ráta 40% suas go dtí an uasteorainn infheistíochta is infheidhme de €90,000 in aghaidh an ghabháltais. I gcás iarratais ó bheirt chomhpháirtithe incháilithe nó níos mó i gcomhpháirtíocht lena chéile atá cláraithe ar Chlár Comhpháirtíochta Feirme na roinne seo méadófar an uasteorainn infheistíochta incháilithe go €160,000. Tá cúpla iarratas in aghaidh an sciar ceadaithe. Is é an t-íosmhéid infheistíochta atá incháilithe le faomhadh faoin Scéim seo, áfach, ná €2,000 in aghaidh an iarratais.


Téarmaí Agus Coinníollach

An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta Téarmaí Agus Coinníollacha
Amharc amharc
Tillage Capital Investment Scheme: Marking sheet
Amharc amharc

Teagmháil

Tillage Capital Investment Scheme

Seoladh:
Department of Agriculture, Fod and the Marine, Johnstown Castle Estate, Co. Wexford, Y35 PN52
Ríomhphost:

tams@agriculture.gov.ie

tamsdocs@agriculture.gov.ie

Teileafón:
+3530539163425