An Scéim Oiliúna Comhshaol Talmhaíochta (an SOCT)
- Foilsithe: 8 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 8 Meán Fómhair 2022
- Cad é an SOCT?
- Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh?
- Ráta íocaíochta
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Ceistneoir do Rannpháirtithe
- Liostú Chomhairleoir AETS
- Cosaint Sonraí
- Contact
Cad é an SOCT?
Scéim oiliúna dheonach í an Scéim Oiliúna Comhshaol Talmhaíochta (an SOCT). Is í aidhm na Scéime:
• Oiliúint a chur ar fheirmeoirí i gcleachtais agus i gcaighdeáin chomhshaoil,
• Spreagadh agus cabhair a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i scéimeanna comhshaol talmhaíochta amach anseo, agus
• Feasacht a chur chun cinn ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht feirme.
Déanfaidh oiliúnóirí atá ceadaithe ag an Roinn faoin Scéim ar leith seo na cúrsaí faoin Scéim a eagrú agus a chur ar siúl. Tá freastal ar an gcúrsa deonach. Níl an scéim riachtanach d’aon scéim eile a chuireann an Roinn ar siúl.
Cé atá incháilithe iarratas a dhéanamh?
Tá an Scéim Oiliúna Comhshaol Talmhaíochta ar oscailt d’fheirmeoirí a dhéanann iarratas ar an SBÍ. Ní féidir le feirmeoir freastal ach ar chúrsa oiliúna amháin i rith shaolré na Scéime.
Ráta íocaíochta
Is é an méid a íocfar le feirmeoir a fhreastalaíonn go sásúil ar chúrsa an SOCT €156. Íoctar an tsuim seo le hOiliúnóir an SOCT a chuireann an cúrsa ar siúl agus íocfaidh sé/sí gach feirmeoir a fhreastalaíonn go sásúil ar an gcúrsa iomlán. Íoctar táille €90 le hOiliúnóir an SOCT ansin maidir le gach feirmeoir a fhreastalaíonn ar an gcúrsa.