English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice



Céard é an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice

Tá sé mar aidhm leis an Scéim cabhrú le forbairt na hearnála orgánaí ionas go gcinnteofar soláthar rialta táirgí orgánacha ar ardchaighdeán ar an margadh.


Cé atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh

Is féidir le hoibritheoirí orgánacha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an Scéim:-

  • Oibritheoirí orgánacha ceadúnaithe atá cláraithe le comhlacht deimhnithe orgánach formheasta.
  • Oibritheoirí atá cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i láthair na huaire.
  • Oibritheoirí a bhfuil an láithreán ar a bhfuil sé beartaithe an fhorbairt a chur i gcrích faoina n-úinéireacht nó a bhfuil teideal léasachta acu i ndáil leis an láithreán
  • Oibritheoirí a chomhaontaíonn sonraí ábhartha bainc/cumann foirgníochta/comhar creidmheasa a sholáthar lena chinntiú go bhfuil na híocaíochtaí ar fad a dhéanann an Roinn á n-íoc trí ríomhaistriú airgid.
  • Oibritheoirí a sholáthraíonn cóip de Phlean Gnó de réir Iarscríbhinn A de na téarmaí & coinníollacha

Conas cáiliú le haghaidh íocaíochta

Beidh cúnamh airgeadais dírithe ar thionscadail a mbíonn an méid seo a leanas dá dtoradh:

  • Tionscadail a fheabhsaíonn an earnáil orgánach agus a sholáthraíonn deis do tháirgeoirí an bhuntáirge ioncam a fheabhsú.
  • Tionscadail a threoraíonn táirgeadh de réir treochtaí margaidh intuartha nó forbairt margaí nua do tháirgí talmhaíochta a spreagadh.
  • Tionscadail a chabhraíonn le táirgeadh, láimhseáil agus ullmhú táirgí orgánacha.
  • Tionscadail a éascaíonn glacadh le agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua.
  • Tionscadail a chabhraíonn lena chinntiú go mbaintear tairbhe as "dea-chleachtas" laistigh den earnáil táirgthe/próiseála orgánaí.
  • Tionscadail a fhorbraíonn saoráidí a éascaíonn ullmhú, grádú, pacáil, stóráil, dáileadh nó díol táirgí orgánacha mar chuid d’oibríocht orgánach níos leithne

An ráta íocaíochta

Tá an Cúnamh Deontais iníoctha ag ráta 40% den chostas incháilithe (roimh CBL).

Ní bheidh tionscadail a chosnaíonn níos lú ná €3,000, gan CBL san áireamh, incháilithe le haghaidh cúnamh deontais.

Ní phróiseálfar páirt-íocaíocht Formheasa.

Is é €700,000 an t-uasmhéid cúnamh deontais atá iníoctha le hiarratasóir thar thréimhse na Scéime seo a clúdaíonn an tréimhse idir 2015 agus 2022 .

Ní íocfar cúnamh deontais ach i ndáil le caiteachas formheasta agus incháilithe.

Sa chás go gcuimsítear níos mó ná mír chaiteachais amháin in iarratas ar chúnamh deontais, d’fhéadfaí líon níos lú míreanna ná mar atá sonraithe san fhoirm iarratais a fhormheas


Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratais ar chúnamh a sheoladh chuig An tAonad Orgánach, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Nó, is féidir foirm iarratais, comhlánaithe agus sínithe, a sheoladh trí r-phost chuig organic@agriculture.gov.ie . Ní ghlacfar le hiarratais mura bhfuil na doiciméid ar fad atá liostaithe orthu curtha ar fáil.

Tiocfaidh an Scéim i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh 2021 agus ní ghlacfar le hiarratais bhailí i ndiaidh an 30 Nollaig 2022.

Beidh an Scéim á reáchtáil i bhfoirm tráinsí. Úsáidtear tréimhsí tráinsí, a fhógróidh an tAire, chun maoiniú a leithdháileadh. Déantar iarratais a mheas agus a rangú i ngach tráinse lena chinntiú go bhfuil an caiteachas airdeallach ar an mbuiséad.

Tugtar iarratais nach n-éiríonn leo in aon tréimhse tráinse anonn go dtí an chéad tréimhse tráinse eile go huathoibríoch, go dtí an ndúntar an Scéim.

Ciallaíonn dáta deiridh d’aon tráinse nach ndéanfar measúnú ar aon iarratais a fhaightear i ndiaidh an dáta sin sa tréimhse tráinse sin. Níor cheart dáta deiridh tráinse a mheascadh suas le dáta deiridh na Scéime.

Ní chuirfear cúnamh ar fáil d’oibreacha atá tosaithe agus nó do threalamh/míreanna ceannaithe/seachadta sula mbíonn cead i scríbhinn faighte ag iarratasóir.

SCÉIM DEONTAIS INFHEISTÍOCHTA UM PRÓISEÁIL ORGÁNAICE FOIRM IARRATAIS
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Ní mór duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh chun an t-eolas ar fad a fháil faoi gach gné den scéim


Sonraí Teagmhála

Organic Unit

Seoladh:
Department of Agriculture, Food and Marine, Johnstown Castle, Co. Wexford, Y35 PN52
Ríomhphost:

organic@agriculture.gov.ie

Teileafón:
053 9163425