English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach

Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach (OCIS) SNTS 3 oscailte anois le haghaidh iarratas. Is féidir iarratais a dhéanamh trí do chuntas Agfood.

Éascóidh an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach forbairt na hearnála orgánaí chun soláthar rialta de tháirgí orgánacha ardchaighdeáin a chinntiú don mhargadh.

Tá sé mar aidhm aici freisin feirmeoirí orgánacha atá páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí cheana féin a spreagadh chun feabhas a chur ar a gcuid foirgneamh talmhaíochta agus a gcuid trealamh trí leibhéal méadaithe tacaíochta a thabhairt dóibh chun freastal ar na costais chaipitil nach beag a bhaineann lena gcuid fiontar a chur ar bun.

Ní íocfar cúnamh deontais ach amháin ar chaiteachas ceadaithe, críochnaithe agus incháilithe agus íocfar é de réir ráta 40% d’oibreoirí orgánacha ceadúnaithe agus 60% d’fheirmeoirí atá ina rannpháirtithe reatha sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí freisin suas go dtí an uasteorainn infheistíochta SNTS 3 is infheidhme de €90,000 in aghaidh an ghabháltais. I gcás iarratais ó bheirt pháirtí incháilithe nó níos mó atá i bpáirtíocht atá cláraithe ar Chlár na Páirtíochta Feirme de chuid na Roinne seo, méadófar an uasteorainn infheistíochta incháilithe go €160,000. Is ceadmhach roinnt iarratas in aghaidh an sciar a dhéanamh. Ach is é €2,000 in aghaidh an iarratais an t-íosmhéid infheistíochta atá cáilithe le haghaidh faofa faoin Scéim seo.

An Scéim um Infheistíocht Chaipitil Orgánach
Amharc amharc
Organic Capital Investment Scheme: Marking sheet
Amharc amharc