Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach

Tá an Scéim SNTS 3 um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach (SLASC) oscailte le haghaidh iarratas anois. Is féidir iarratais a dhéanamh trí do chuntas Agfood.

Tugann na Scéimeanna Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS 3) deontais d'fheirmeoirí chun raon sonraithe foirgneamh agus trealamh feirme a thógáil agus/nó a fheabhsú ar a ngabháltas.

Déanfaidh an Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach nuachóiriú feirme a éascú, lena n-áirítear soláthar a dhéanamh do leas ainimhithe, coinníollacha oibre agus táirgthe ar fheirmeacha a fheabhsú, iomaíochas a fheabhsú agus cur le hioncaim a shaothraítear ó thalmhaíocht, cuidiú le feirmeoirí eisfhearadh ainmhithe, uisce salach agus aoiligh feirme eile a stóráil agus le saoráidí gaolmhara chomh maith le cuidiú le Feirmeoirí Capall leas ainmhithe a fheabhsú.

Ní íocfar cúnamh deontais ach ó chaiteachas ceadaithe, críochnaithe, agus incháilithe agus íocfar ag ráta 40% suas go dtí an uasteorainn infheistíochta infheidhme SNTS 3 €90,000 in aghaidh an ghabháltais. I gcás iarratais ó dhá pháirtí incháilithe nó níos mó atá i bpáirtíocht atá cláraithe ar Chlár na Páirtíochta Feirme de chuid na Roinne seo, méadófar an uasteorainn infheistíochta incháilithe go €160,000. Is ceadmhach roinnt iarratas in aghaidh an sciar a dhéanamh, ach is é €2,000 in aghaidh an iarratais an t íosmhéid infheistíochta atá cáilithe le haghaidh faofa faoin Scéim seo.

Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil CothaitheachTéarmaí agus Coinníollacha
Amharc amharc
Animal Welfare and Nutrient Storage Scheme: Marking Sheet
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat