English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Scéimeanna Ceannaigh ag Tionóntaí do Thionóntaí Údaráis Áitiúil


Más tionónta thú i dteach údaráis áitiúil, b’fhéidir go mbeifeá in ann do theach a cheannach ón údarás áitiúil ar ráta lascainithe faoi réir critéir na scéime sin a chomhlíonadh.

Tá 3 scéim ann faoi láthair a chabhróidh leat é sin a dhéanamh. Is iad seo:

  • Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana, 2016
  • Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe nuathógtha, 2010
  • Scéim Ceannaigh Árasán ag Tionóntaí, 2012

Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana (2016)

Má tá tú i do thionónta údaráis áitiúil a chónaíonn i dteach údaráis áitiúil atá san áireamh sa scéim is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an teach a cheannach.

Is féidir eolas níos sainiúla maidir leis an scéim seo a fháil ag an nasc seo: Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana


Scéim Ceannaigh Incriminteach do Thithe Údaráis Áitiúil Nuathógtha (2010)

Tá an scéim seo oscailte do thionóntaí agus do theaghlaigh atá ann cheana agus a ndearna an t-údarás tithíochta measúnú orthu mar thionóntaí atá incháilithe agus a bhfuil gá acu le tacaíocht tithíochta sóisialta. Déanann an t-údarás áitiúil cinneadh ar na tithe atá le cur san áireamh faoin scéim. Seans nach mbeidh iontu ach tithe nuathógtha.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim seo a fháil ag an nasc seo: Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe nuathógtha


Scéim Ceannaigh Árasán ag Tionóntaí (2012)

Ligeann an scéim seo do thionóntaí árasán i gcoimpléisc údaráis áitiúil atá ainmnithe ag an gcomhairle lena gceannach ag tionóntaí a gcóiríocht a cheannach ar lascaine. Beidh gá le struchtúr úinéireachta a mbeidh cuideachta bainistíochta a bhfuil gach úinéir árasáin ina bhall di mar chuid de.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim seo a fháil ag an nasc seo: Scéim Ceannaigh Árasán ag Tionóntaí (TPAS)