Scéimeanna Feabhsúcháin
- Foilsithe: 10 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bloic Choincréite Lochtacha
Is scéim deontais í an Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha chun tacú le húinéirí tí a n-imrítear tionchar orthu a gcuid teaghaisí a fheabhsú, sa chás go bhfuil damáiste déanta dá n-áit chónaithe de bharr bloic choincréite lochtacha a úsáid agus í á tógáil sna contaetha seo a leanas:
- An Clár
- Dún na nGall
- Luimneach
- Maigh Eo
- Sligeach
Scéim Feabhsúcháin Piríte
Is scéim de rogha dheireanach í an Scéim Feabhsúcháin Piríte a bhfuil sé mar aidhm aici tithe áirithe a bhfuil damáiste suntasach pirít ag baint leo a dheisiú nuair nach bhfuil aon rogha eile indéanta ag úinéirí tí maidir le sásamh.
Feabhsúchán Árasáin
Tá an Scéim Leasúcháin Eatramhach d’Fabhtanna Sábháilteachta ó Dhóiteán in Árasáin agus in Árasáin Dhéphléacsacha chun maoiniú a dhéanamh ar oibreacha um lochtanna sábháilteachta dóiteáin éigeandála in árasáin agus in árasáin dhéphléacsacha, a tógadh idir 1991 agus 2013.