English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Staitisticí Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh

Is íocaíocht é an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh is féidir leat a fháil má tá teach nó foirgneamh folamh á n-iompú agat ina theach buan nó ina réadmhaoin ar cíos.

Seoladh é an 14 Iúil 2022 maidir le maoin fholamh incháilithe i mbailte agus sráidbhailte agus leathnaíodh é chun maoin fholamh i gcathracha agus i ngach ceantar tuaithe a áireamh an 15 Samhain 2022. Ón 1 Bealtaine 2023 leathnaíodh an deontas arís chun é a dhéanamh incháilithe do réadmhaoin fholmha a tógadh suas go dtí 2007 agus an bhliain sin san áireamh agus le haghaidh réadmhaoine a chuirfear ar fáil ar cíos.

Tá deontas suas le €50,000 ar fáil le hathchóiriú a dhéanamh ar réadmhaoine folmha lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach nó le cur ar fáil ar cíos. Nuair a bhíonn réadmhaoin tréigthe, tá deontas breise de €20,000 ar fáil, rud a thugann an deontas iomlán atá ar fáil do réadmhaoin thréigthe suas go dtí €70,000.

Tuilleadh eolais ar an deontas

Soláthraíonn na doiciméid seo a leanas miondealú ar na hiarratais a rinneadh ar an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh.

Foilsíonn an roinn na sonraí seo ar bhonn ráithiúil agus féadfar na figiúirí a athbhreithniú de réir mar a dhéantar cinntí ar iarratais atá ar siúl faoi láthair.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbaineann an próiseas deontais leis an údarás áitiúil iarratais a fháil, a athbhreithniú agus a bhailíochtú agus socrú a dhéanamh do dhuine cáilithe cuairt a thabhairt ar an réadmhaoin lena chinntiú gur féidir an obair a dhéanamh agus chun an costas molta a mheas. Tar éis an t-iarratas rathúil a dhearbhú agus na hoibreacha a bheith curtha i gcrích, tabharfaidh an t-údarás áitiúil cuairt maoine deiridh chun a athbhreithniú go bhfuil an obair críochnaithe ag teacht leis an iarratas ar dheontas. Nuair a bheidh an t-údarás áitiúil sásta, íocfaidh siad an deontas ansin.


2023


2022