Comhlacht Comhairleach Uisce (CCU)
- Foilsithe: 24 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2025
Bunaíodh an Comhlacht Comhairleach Uisce (CCU) in 2018, mar Chomhlacht Stáit neamhspleách le dhá phríomhról. Is é an chéad ról ná chun tuairisc a thabhairt ar cé chomh maith is atá Uisce Éireann (Irish Water) ag feidhmiú agus is é an dara ról ná chun cabhair a thabhairt chun muinín an phobail in Uisce Éireann a spreagadh. Agus na feidhmeanna sin á gcomhlíonadh aige, d’fhoilsigh an CCU ceithre Thuarascáil Bhliantúla, 12 Thuarascáil Ráithiúla agus foilseacháin eile idir 2019 agus 2023, bhuail sé le páirtithe leasmhara ábhartha agus chuir sé Comhairle ar fáil don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta in 2020 agus in 2022.
Leagadh amach socruithe freagrachta nua d’Uisce Éireann san Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022 (Uimh. 39 de 2022), a síníodh ina dhlí ar an 7 Nollaig 2022. Mar gheall ar an méid sin, cuireadh deireadh le feidhmeanna comhairleacha agus tuairiscithe an CCU agus tháinig díscaoileadh an CCU i bhfeidhm ón 28 Aibreán 2023.
Tuarascálacha Bliantúla
Tuarascálacha Ráithiúla
Tuarascálacha Ráithiúla 2022
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 1 ó 2022
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 2 ó 2022
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 3 ó 2022
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 4 ó 2022
Tuarascálacha Ráithiúla 2021
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 1 ó 2021
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 2 ó 2021
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 3 ó 2021
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 4 ó 2021
Tuarascálacha Ráithiúla 2020
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 1 ó 2020 – Márta
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 1 ó 2020 – Meán Fómhair
- Tuarascáil Ráithiúil Uimh. 1 ó 2020 – Nollaig