English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Séamus de Brúin

James Browne

Is é James Browne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Ceapadh sa ról seo é an 23 Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt le freagracht as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas Óige.

Rugadh James in Inis Córthaidh, Loch Garman, agus is é an duine is sine de theaghlach de 4. D’fhreastail sé ar choláiste in IT Phort Láirge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Óstaí an Rí. Is Abhcóide cáilithe é.

Tá sé i gceannas ar thionscnaimh chun seirbhísí meabhair-shláinte in Éirinn a athchóiriú, lena n-áirítear an tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú) 2018 agus coiste Oireachtais ar Thodhchaí Chúram Sláinte Meabhrach.

Ó toghadh go Dáil Éireann é in 2016 tá sé ag obair go dian mar TD áitiúil ag ardú imní agus ceisteanna mhuintir Loch Garman.

Is mór an phribhléid do Shéamus a bheith ina ionadaí poiblí i nDáil Éireann agus tá sé ag súil le leanúint lena chuid oibre sa dáilcheantar ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Uasal de Brúin ag james.browne@oireachtas.ie


Róil