Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite) (Uimh. 2) 2025
- Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2025
- Éifeachtach ó: 11 Meán Fómhair 2025
Tugtar fógra sa chiorclán seo d’údaráis phleanála, don Choimisiún agus do phríomhpháirtithe eile leasmhara maidir le déanamh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-Athnuaite) (Uimh. 2) 2025 (I.R. 426 de 2025). Shínigh an tAire na Rialacháin an 11 Meán Fómhair agus tiocfaidh siad i bhfeidhm 14 lá i ndiaidh an dáta sin. Ciallaíonn sé sin go dtiocfaidh na Rialacháin i bhfeidhm Déardaoin an 25 Meán Fómhair 2025.
Mar a thugtar ar aird i Litir Chiorcláin CEPP 1/2025, síníodh Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-Athnuaite) 2025 (I.R. 274 de 2025) agus tháinig siad i bhfeidhm an 6 Lúnasa 2025. Ina dhiaidh sin, tugadh roinnt saincheisteanna oibríochtúla ar aird don Roinn a d’eascair ó na Rialacháin nua sin a thabhairt isteach, a dtugtar aghaidh orthu leis na Rialacháin nua seo.
Féachtar leis na Rialacháin nua soiléiriú a thabhairt ar ábhair áirithe atá in I.R. 274 de
2025, a bhaineann le fógraí láithreáin go príomha.