Comhairliúchán maidir le Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean
- Foilsithe: 22 Feabhra 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 22 Feabhra 2022
- dúnadh na haighneachtaí: 15 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
- Conas is féidir a bheith páirteach ann?
- Céard a dhéanfaimid le do fhreagra?
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Ráiteas Príobháideachais
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais 'Ár dTodhchaí le Chéile' maidir le Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean a fhorbairt. Tá an gealltanas seo sonraithe in Tithíocht do Chách plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030.
Tugtar gealltanas in Tithíocht do Chách freisin maidir le bunú Choiste Gníomhaíochta Náisiúnta i leith Daoine gan Dídean. Ar aon dul leis an ngealltanas seo, bunaíodh an Coiste Gníomhaíochta Náisiúnta i leith Daoine gan Dídean (NHAC) i Ráithe 4 2021. Áirítear i measc chomhaltaí NHAC ionadaithe ó Phríomhranna Rialtais, comhlachtaí reachtúla agus páirtithe leasmhara. Is é cuspóir NHAC a chinntiú go leagtar béim athnuaite ar chomhoibriú ar fud an Rialtais chun gníomhartha atá sonraithe in Tithíocht do Chách a chur chun feidhme, i dteannta le comhleanúnachas agus comhordú feabhsaithe seirbhísí do dhaoine gan dídean i ndáil le bearta agus gníomhaíochtaí beartais a sholáthar chun déileáil le heaspa dídine. Tá NHAC faoi chathaoirleacht an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus reáchtáiltear cruinniú gach ráithe. Ceann de phríomhthosaíochtaí NHAC é Straitéis do Dhaoine gan Dídean a fhorbairt.
Is é aidhm na Straitéise tacú le daoine atá idir 18 – 24 bliain d’aois atá gan dídean agus atá i mbaol a bheith gan dídean. Is léir go n-éileoidh an Straitéis do Dhaoine gan Dídean cur chuige comhtháite, uile-Rialtais, a mbeidh go leor príomhpháirtithe leasmhara páirteach ann, a mbeidh ról lárnach acu i ndéileáil leis na ceisteanna bunúsacha a bhaineann le heaspa dídine i measc daoine óga. Chomh maith leis, tá sé tábhachtach go gcuirfí raon leathan tuairimí san áireamh sa phróiseas a bhaineann le forbairt na Straitéise.
Conas is féidir a bheith páirteach ann?
Fáiltítear roimh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar. Tá dhá bhealach le bheith rannpháirteach: is féidir leat an suirbhé a chomhlánú anseo nó is féidir leat aighneacht scríofa a sheoladh isteach. Níor cheart go mbeadh níos mó ná 2,000 focal i d’aighneacht. I do fhreagra, b’fhéidir gur mhaith leat na ceisteanna seo a leanas a bhreithniú:
- Cén difríocht atá idir riachtanais daoine óga (18-24 bliain d’aois) agus daoine in aoisghrúpaí eile?
- Céard iad na príomhbhacainní atá ag cur isteach ar dhaoine óga atá ag iarraidh tithíocht a rochtain?
- Céard iad na príomhfhachtóirí riosca a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le duine óg a bheith ag déileáil le heaspa dídine?
- Cad iad na seirbhísí/tionscnaimh ba chóir a thabhairt isteach, dar leat, chun easpa dídine a chosc agus/nó chun tacú le daoine óga atá ag fágáil na heaspa dídine?
- Céard iad na cúig phríomhthosaíocht ar cheart don Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean díriú orthu?
Is féidir leat d’aighneacht a sheoladh trí ríomhphost chuig nhac@housing.gov.ie nó tríd an bpost chuig Beartas Easpa Dídine, An Roinn Maoinithe agus Soláthair, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.
Glactar le haighneachtaí go dtí am scoir gnó, Dé Máirt, an 15 Márta 2022.
Céard a dhéanfaimid le do fhreagra?
Breithneofar gach freagra a fhaightear agus cuirfear san áireamh iad sa Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean, atá le foilsiú i Ráithe 2 2022. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, achoimre de na haighneachtaí faighte a fhoilsiú mar aon le sonraí anaithnide ó fhreagraí a fuarthas roimhe seo a fhoilsiú.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht a fhaightear faoi réir Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus Reachtaíocht Cosanta Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá i d’aighneacht a chur ar fáil faoi Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.