Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht Treoir um Shábháilteacht ó Dhóiteán d’Úineirí agus d’Oibreoirí Foirgneamh - Treoir do Dhaoine atá I bhFeighil faoi Alt 18(2) de Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 & 2003
- Foilsithe: 8 Márta 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 8 Márta 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 19 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cén fáth go bhfuilimid ag seoladh Comhairliúchán Poiblí
Forbraíodh an dréachtchód cleachtais seo mar thoradh ar na moltaí a bhí sa tuarascáil Sábháilteacht Dóiteáin in Éirinn (2018) – tuarascáil de chuid an Tascfhórsa ar Shábháilteacht Dóiteáin, a bhunaigh an tAire a bhí in oifig ag an am tar éis an dóiteáin tragóidigh a tharla i Túr Grenfell, Londain, sa bhliain 2017.
Ullmhaíodh an dréachtchód seo mar fhreagairt ar mholadh faoi leith i dtuarascáil an Tascfhórsa. Moltar go n-eiseofaí an cód cleachtais faoi Alt 18A de Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 agus 2003.
Leagann 18(2) de Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 agus 2003 dualgas ar dhaoine atá i bhfeighil gach cineál áitribh seachas teach cónaithe a áitítear mar áit chónaithe aonair. Tá an dualgas seo dírithe ar an gceanglas bearta réasúnta a dhéanamh maidir le sábháilteacht áititheoirí. Táthar ag súil go mbeidh an Treoir seo ina chabhair d’úinéirí agus d’oibreoirí foirgneamh trí threoir agus comhairle chaighdeánach a sholáthar maidir leis an raon dualgas a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin. Go dtí seo, ní raibh aon treoir ghinearálta náisiúnta chaighdeánach d’úinéirí agus d’oibreoirí foirgneamh; táthar ag súil go mbeidh an Treoir seo ina chabhair maidir le cur chuige aitheanta ar bhonn náisiúnta a thabhairt isteach.
Soláthróidh an cód cleachtais seo creat do bhainistiú agus cothabháil leanúnach foirgneamh maidir le sábháilteacht dóiteáin. Cinnteoidh sé go mbeidh cur chuige soiléir, comhsheasmhach i bhfeidhm go náisiúnta agus bearta réasúnta á ndéanamh maidir le sábháilteacht áititheoirí. Comhlánóidh agus soláthróidh sé treoir nuashonraithe do na treoircháipéisí atá ann faoi láthair atá foilsithe ag an Roinn. Baineann na treoircháipéisí seo le háitíochtaí foirgneamh ar leith m.sh.: árasáin, áiteanna tionóil agus leanann siad de threoir ábhartha a thairiscint.
Conas páirt a ghlacadh
Ba chóir gach comhfhreagras a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí seo a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: firesafetypublicconsultation@housing.gov.ie faoi am scoir gnó ar an 19ú Aibreán 2022.
Cáipéisí
Téarmaí agus coinníollacha
Is féidir gach aighneacht agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo a scaoileadh de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis a bhaineann leis an gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí de réir reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Ní cóir eolas pearsanta nó rúnda, nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áiriú i d’aighneacht agus déanfar talamh slán de gur féidir an t-eolas go léir atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagairt
Maidir le haighneachtaí a chuirtear isteach, tabhair faoi deara go bhféadfaí iad a chur ar láithreán gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Ar aon nós, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach freisin ar Ráiteas Príobháideachais na Roinne.