Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtchód Cleachtais maidir le Measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht dóiteáin in áitribh agus i bhfoirgnimh
- Foilsithe: 3 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 3 Márta 2021
- dúnadh na haighneachtaí: 30 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Cén fáth a bhfuilimid ag seoladh Comhairliúchán Poiblí
- Conas páirt a ghlacadh
- Cáipéisí
- Téarmaí agus coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do fhreagairt
Cén fáth a bhfuilimid ag seoladh Comhairliúchán Poiblí
Forbraíodh an dréachtchód cleachtais seo mar thoradh ar na moltaí a bhí sa tuarascáil Sábháilteacht Dóiteáin in Éirinn (2018) – tuarascáil de chuid an Tascfhórsa ar Shábháilteacht Dóiteáin a bhunaigh an tAire a bhí in oifig ag an am tar éis an dóiteáin tragóidigh a tharla i Túr Grenfell, Londain, sa bhliain 2017.
Ullmhaíodh an dréachtchód seo mar fhreagairt ar mholadh faoi leith i dtuarascáil an Tascfhórsa. Moltar go n-eiseofaí an cód cleachtais faoi alt 18A de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 agus 2003.
Cuspóir an Chóid Chleachtais
Tugann alt 18(6) de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 agus 2003 cumhachtaí do dhuine (oifigeach dóiteáin) atá údaraithe ag údarás dóiteáin, ceangal a chur ar dhuine atá i bhfeighil áitribh (úinéir foirgnimh nó áititheoir) measúnú sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh ar an áitreabh, agus é sin a chur in iúl don údarás dóiteáin. Go hiondúil, fostaíonn úinéirí foirgnimh daoine gairmiúla chun go ndéanfaidh siadsan an measúnú sábháilteachta dóiteáin.
Táthar ag súil go mbeidh an cód cleachtais seo ina chabhair do na seirbhísí dóiteáin trí threoir chaighdeánach a sholáthar d’úinéirí foirgnimh agus dá gcomhairleoirí gairmiúla sa chás go bhfuil measúnú sábháilteachta dóiteáin ag teastáil ón tseirbhís dóiteáin. Go dtí seo, ní raibh aon mhodheolaíocht chaighdeánach ann chun measúnú sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh; táthar ag súil go mbeidh an cód cleachtais ina chabhair maidir le cur chuige aitheanta ar bhonn náisiúnta a thabhairt isteach.
Soláthróidh an cód cleachtais seo creat chun measúnú mionchúiseach a dhéanamh ar fhoirgnimh maidir le sábháilteacht dóiteáin. Cinnteoidh sé go mbeidh cur chuige soiléir, comhsheasmhach i bhfeidhm go náisiúnta. Cuideoidh sé freisin chun a chinntiú go ndéanfar moltaí réasúnta agus comhréireacha chun déileáil le heasnamh ar bith a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin a aithnítear sna foirgnimh.
Conas páirt a ghlacadh
Ba chóir gach comhfhreagras a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí seo a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist: firesafetypublicconsultation@housing.gov.ie trí dhúnadh gnó an 30ú lá de mhí Mhárta 2021.
Cáipéisí
Téarmaí agus coinníollacha
Is féidir gach aighneacht agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo a scaoileadh de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus Rialachán na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis a bhaineann leis an gComhshaol) 2007-2014. Tá na haigneachtaí faoi réir reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Ní cóir eolas pearsanta nó rúnda, ná eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áiriú i d’aighneacht agus déanfar talamh slán de gur féidir an t-eolas go léir atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagairt
Maidir le haighneachtaí a chuirtear isteach, tabhair faoi deara go bhféadfaí iad a chur ar shuíomh gréasáin na Roinne mura n-iarrtar a mhalairt. Ar aon nós, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach freisin Ráiteas Príobháideachais na Roinne.