English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an gCur Chuige i leith Athsholáthar a dhéanamh ar na ‘Treoirlínte Forbraíochta Cónaithe Inbhuanaithe’ (2009)

Consultation is closed


Achoimre

Tá páipéar ullmhaithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a leagann amach an cur chuige beartais molta ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ‘Treoirlínte Forbraíochta Cónaithe Inbhuanaithe’ (2009) agus le hathsholáthar a dhéanamh orthu le Treoirlínte le Lonnaíochtaí Dlútha Inbhuanaithe le haghaidh Údaráis Phleanála. Leagann an páipéar amach go bhfuil gá anois le hathsholáthar a dhéanamh ar Threoirlínte Alt 28, ag tabhairt faoi deara go bhfuil éabhlóid tagtha ar bheartais i gcoitinne ónar glacadh iad, go háirithe, ónar glacadh an Creat Náisiúnta Pleanála (2018).


Conas páirt a ghlacadh

Tugtar cuireadh d'aighneachtaí scríofa nó breathnuithe maidir leis an gcur chuige beartaithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear agus cuirfear san áireamh iad sula gcuirtear na dréacht-treoirlínte i gcrích.

Is féidir aighneacht nó barúil a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh go dtí an seoladh seo a leanas:nrupconsultation@housing.gov.ie nó i bhfoirm scríofa go dtí:

Comhairliúchán i leith Treoirlínte le haghaidh Lonnaíochtaí Dlútha Inbhuanaithe

An Rannóg Pleanála Náisiúnta, Réigiúnach agus Uirbeach

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Níor cheart aighneachtaí a chur isteach ach trí mheán amháin. Is é an dáta deiridh le haghaidh freagraí maidir leis an gcomhairliúchán seo ná an 27 Aibreán 2023, go dtí 5 pm.


Cáipéisí

Comhairliúchán Poiblí maidir le Cur Chuige Ionadaíochta ar Threoirlínte Forbartha Cónaithe (2009) - Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Níor cheart eolas pearsanta, príobháideach nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a lua le d'aighneacht.


Cad a dhéanfaimid le do fhreagra

Déanfaidh na freagraí eolas do na dréacht-treoirlínte agus iad á gcur i gcrích. Tá sé i gceist ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na treoirlínte seo a eisiúint faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Tabhair do d'aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach le do thoil ar Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoin nasc Doiciméid le tuilleadh eolais a fháil.