Comhairliúchán Poiblí ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallacht maidir leis na Bearta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití de chuid na hÉireann
- Foilsithe: 19 Nollaig 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 20 Nollaig 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 24 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2024
Consultation is closed
Cuireann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, T.D., fáilte roimh aighneachtaí, tuairimí agus tráchtanna ar na bearta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití agus an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST).
Tugtar éifeacht le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2022 (I.R. Uimh. 113 de 2022), arna leasú, do Chlár Gníomhaireachta Níotráití na hÉireann. Tá bearta sonracha sna rialacháin chun uiscí dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaitheach a thagann ó fhoinsí talmhaíochta. Forbraíodh na bearta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití tar éis athbhreithniú eatramhach inar sainaithníodh go mbeadh tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil chun cáilíocht uisce fheabhsaithe a bhaint amach.
Cén fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?
Is é an aidhm atá ag an gcomhairliúchán sin ná meon an phobail a lorg maidir leis na doiciméid seo a leanas:
- Bearta Molta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití, agus
- Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Bearta Molta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití
Leagtar amach sa doiciméad seo na bearta molta don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití. Rinne an Sainghrúpa Níotráití athbhreithniú eatramhach ar an gCúigiú CGN. Sainaithníodh san athbhreithniú eatramhach go raibh bearta breise ag teastáil chun feabhsuithe ar cháilíocht uisce a bhaint amach. Chuir an Sainghrúpa Níotráití moltaí maidir leis na bearta breise faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara. Lorg an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara aiseolas ón nGrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir leis an mbeart molta breise. Tá na bearta molta breise scartha in dhá ghrúpa, iad siúd a bhfuil leasuithe de dhíth orthu ar na Rialacháin Dea-Chleachtas Talmhaíochta (DCT) (I.R. 113 de 2022, arna leasú) agus na bearta sin is féidir a chur chun feidhme gan leasuithe rialála.
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Is é aidhm na Tuarascála MST seo ná eolas a dhéanamh don fhorbairt ar na bearta breise don Chúigiú CGN, na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheidh ag cur chun feidhme na mbeart molta breise agus na roghanna eile réasúnta a shainaithint, cur síos a dhéanamh orthu agus meastóireacht a dhéanamh orthu; agus deis a sholáthar do na húdaráis reachtúla agus don phobal tuairimí a chur in iúl faoi aon ghné trí chomhairliúchán.
Comhlíonann an Tuarascáil SEA seo na ceanglais de chuid Threoir 2001/42/EC ar mheasúnú na n-éifeachtaí de chuid phleananna agus chláir áirithe ar an gcomhshaol (Treoir MST) a cuireadh chun feidhme in Éirinn trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. Uimh. 435/2004) arna leasú.
Bhí an próiseas MST atriallach go dtí seo, agus is amhlaidh a bheidh sé ag dul chun tosaigh, agus cabhróidh sé i dtaca le láidreacht a chur leis na bearta molta breise don Chúigiú CGN trí bhreithnithe timpeallachta níos leithne a chomhtháthú isteach sa chlár.
Conas páirt a ghlacadh
Tá fáilte á cur ag an Aire roimh bhall den phobal aighneachtaí, tuairimí agus ráitis a chur isteach maidir leis na bearta molta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití agus an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta go dtí 5pm 24 Eanáir 2025.
Aighneachtaí, tráchtanna agus tuairimí
Tá cóip de:
- Bearta Molta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití
- Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, agus
- SRáiteas Príobháideachais
go léir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag Teach an Chustaim le linn uaireanta oifige (9am – 5pm Luan go hAoine, ach amháin saoirí poiblí) le linn thréimhse an chomhairliúcháin.
Más mian leat na doiciméid sin a fheiceáil ar an láthair go pearsanta, seol ríomhphost chuig wau@housing.gov.ie leis an ábhar Comhairliúchán MST Níotráití SEA chun coinne a shocrú.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí ar na bearta molta breise agus ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a chur chuig wau@housing.gov.ie leis an ábhar Comhairliúchán MST Níotráití nó tríd an bpost:
SEA Nitrates Consultation, Water Advisory Unit
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Custom House, Dublin 1,, D01 W6X0
- Ríomhphost:
Téarmaí agus Coinníollacha
D’fhéadfaí na haighneachtaí agus na tráchtanna uile a gcuirfear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm nó do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá le fáil i d’aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra
Úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn freagróirí chun na bearta breise a mhionathrú agus a chur i gcrích don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirfear aighneachtaí a fuarthas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, faoi réir na rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi réir reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach chomh maith an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil faoi nasc na nDoiciméad thuas.