Comhairliúchán Poiblí ar an nDréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
- Foilsithe: 13 Márta 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Márta 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 25 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is open
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Brown Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le haghaidh comhairliúcháin.
Is é Gleann Bheatha an áit a mbíonn an-tóir is mó ag turasóirí air i nDún na nGall le breis agus 200,000 cuairteoir in aghaidh na bliana, figiúr a bhfuil méadú mór tagtha air le cúig bliana anuas. Mionanailís ar fhigiúirí cuairteoirí agus a n-impleachtaí in Aguisín A den dréachtphlean.
Tá forbairt déanta le blianta beaga anuas ar phleanáil chun críocha áineasa agus turasóireachta sna Páirceanna Náisiúnta le comhpháirtíocht straitéiseach idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Fáilte Éireann. Dá thoradh sin ullmhaíodh ‘Blaiseadh ar Chroí Fiáin na hÉireann’, Máistirphlean Léiriúcháin Turasóireachta (MLT), chun treoir a thabhairt d’fhorbairt chéimnithe eispéiris atá níos fearr a thabhairt do na cuairteoirí sna Páirceanna Náisiúnta ar fad. Mar thoradh air sin, coimisiúnaíodh an Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí a bhaineann go sonrach le Gleann Bheatha.
Tá sé mar aidhm ag an Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí treoir a thabhairt maidir le forbairt sa todhchaí laistigh de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, lena chinntiú go bhfuil turasóireacht inbhuanaithe laistigh den Pháirc agus sa cheantar níos leithne tugtha le chéile le cur chun cinn agus tacaíocht do chaomhnú an dúlra.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí an phobail a lorg ar Dhréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cúirteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil, ar Thuarascáil Tionchair Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura den Phlean. Tabharfaidh foireann Aonad um Measúnú Éiceolaíoch na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta aird ar aon aighneacht nó tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí ar an Ráiteas Tionchair Natura. I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na freagairtí, cuirfidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch cinneadh faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
Achoimre
Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 42A de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh. 293 de 2021)
Tá Measúnacht Chuí á déanamh ar Dhréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch, mar a cheanglaítear faoi Rialachán 42 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021. Tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh de réir Rialachán 42(13) de na Rialacháin seo.
Tabharfaidh foireann Aonad um Measúnú Éiceolaíoch aird ar aon aighneacht nó ar aon tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí agus féadfar cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin go mbeidh nó nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag an bplean ar shláine láithreáin Eorpaigh.
Conas páirt a ghlacadh
Iarrann an tAire ón phobal anois aighneachtaí, tuairimí agus barúlacha a dhéanamh ar an Dréachtphlean, ar an dTuarascáil Timpeallachta um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus ar an Ráiteas Tionchair Natura le linn na tréimhse ó 09:00 ar an 14 Márta, 2025 go 17:00 ar an 25 Aibreán 2025.
Tá cóip de:
1. Dréachtphlean Bainistíochta Forbartha um Eispéireas Cuairteoirí
2. Plean Bainistíochta Forbartha um Eispéireas Cuairteoirí - Tuarascáil Timpeallachta maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Achoimre Neamhtheicniúil
3. Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí - Cinneadh AMÉ ar PBFECGB (Comhairliúchán Poiblí)
4. Plean Bainistíochta Forbartha um Eispéireas Cuairteoirí - Ráiteas Tionchair Natura
5. Plean Bainistíochta Forbartha um Eispéireas Cuairteoirí - Ráiteas Príobháideachta
6. Foirm chomhairliúcháin
ar fáil ar líne lena n-iniúchadh ag an bpobal agus ag Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, le linn uaireanta oifige (9 go 5pm Luan go Domhnach) le linn na tréimhse ón 14 Márta 2025 go 5pm ar an 25 Aibreán 2025.
Tá leaganacha Gaeilge den Dréachtphlean agus den fhoirm chomhairliúcháin ar fáil ar líne freisin agus ag an suíomh luaite thuas.
Aighneachtaí
Aighneachtaí nó tuairimí maidir le Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus nó an Tuarascáil Timpeallachta um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an Dréachtphlean agus TT MSC a dhéanamh tríd an bhfoirm aighneachta thíos a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist glenveaghconsultation@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán Ghleann Bheatha
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Mín an Lábáin
Co. Dhún na nGall
F92 P993
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i bpearsa freisin ag ionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le linn uaireanta oifige (9 go 5pm Luan go Domhnach) le linn na tréimhse ón 14 Márta 2025 go dtí 5pm ar an 25 Aibreán 2025.
Aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann le Ráiteas Tionchair Natura Dhréachtphlean Forbartha agus Bainistíocht um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an Ráiteas Tionchair Natura a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist eau@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Ceannasaí an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch
Seomra 2.23 An tAonad um Measúnú Éiceolaíoch
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
90 Sráid an Rí Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath
D07 N7CV.
Breithneoidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na haighneachtaí seo agus déanfar cinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021.
Tabhair do d’aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh faisnéise le fáil i Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoi nasc na nDoiciméad.
Documents
Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Appendices
[internal-link 321291 |
Aguisíní - DréachtPhlean Forbartha agus Bainistíochta Eispéireas Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ]
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta - Tuarascáil Timpeallachta
Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí - Cinneadh AMÉ ar PBFECGB (Comhairliúchán Poiblí)
Ráiteas Tionchair Natura
Foirm Chomhairliúcháin
Ráiteas Príobháideachais
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a nochta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, (SF), 2014, agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm agus do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá le fáil i d’aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair faoi deara, gur féidir gach aighneacht agus breathnóireacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach ar an Ráiteas Príobháideachais thíos freisin.
Breithneofar aighneachtaí agus tuairimí nuair a bheidh críoch á cur leis an bPlean agus leis na measúnachtaí gaolmhara, mar atá mínithe thuas.