English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2022-2027

Consultation is closed


Achoimre

Tá Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2022-2027 foilsithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, le haghaidh comhairliúchán poiblí. Tugann an tAire cuireadh anois don phobal aighneachtaí a dhéanamh agus a dtuairimí a thabhairt faoin bplean atá molta.

Ceann de phríomhthiomantas de Chlár an Rialtas is ea Plean Bainistíochta Abhantraí nua agus níos láidre a lainseáil, ar plean é a chabhródh linn comhshaol uisce na hÉireann a chosaint, a fheabhsú agus a bhainistiú ar bhonn inmharthana as seo go 2017. Tá sé den riachtanas go n-éireoidh linn caighdeán maith uisce a bhaint amach inár gcuid aibhneacha, lochanna, inbhear agus farraigí chun go mbeimid in ann foinsí uisce óil, an comhshaol agus caighdeán maireachtála an phobail a chosaint. Cuireadh an plean seo i dtoll a chéile mar bheart feidhmithe de chuid Chreat-Treoir Uisce an AE.


Cén fáth a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á lainseáil againn?

Tá Éire i mbun ullmhúcháin faoi láthair ar chéimeanna deiridh chéad Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann eile. Éilítear an Plean seo faoin gCreat-Treoir Uisce don tréimhse 2022-2027.

I measc riachtanas eile, leagtar amach sna pleananna seo na feabhsúcháin chomhshaoil atá le seachadadh i rith thimthriall pleanála abhantraí. Tá cuspóirí maidir le caighdeán uisce sna pleananna seo, mar aon le clár beart chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Agus é ag déanamh fobartha ar na céimeanna comhairliúcháin roimhe seo, an cuspóir atá ag an gcomhairliúchán seo tuairimí an phobail a fháil faoi sin ar cheart dó a bheith sa phlean deiridh. Is gá go bhfaighimid aiseolas agus ionchur ó gach earnáil le go mbeimid in ann a chinntiú go mbeidh tríú timthriall an Phlean chomh maith agus is féidir.

Beidh tú ag cur le bainistíocht chomhshaol uisce na hÉireann ar an iomlán trí fhreagra a thabhairt agus tuairimí a thairiscint. Tabharfaidh an t-eolas a bhailítear cúnamh dúinn tús a chur leis an ullmhúchán don chéad timthriall eile de na Pleananna Bainistíochta Abhantraí. Tá an plean deiridh le foilsiú in 2022.

I dtaca leis an gcomhairliúchán ar an Dréachtphlean Bainistíochta Abhantraí, tá comhairliúchán seolta le gairid ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) maidir le dobharlaigh a bhfuil mionathrú mór déanta orthu a ainmniú. Is é aidhm an chomhairliúcháin seo ná tuairimí an phobail a lorg ar an bpróiseas athbhreithniúcháin agus ar na dobharlaigh a bhfuil sé beartaithe iad a ainmniú. Tiocfaidh comhairliúchán an EPA chun críche ar an 30 Aibreán 2022. Nuair a bheidh athbhreithniú déanta ar na freagraí, déanfaidh an EPA moladh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na dobharlaigh a shásaíonn na critéir ainmniúcháin. Breithneoidh an tAire an moladh agus déanfaidh cinneadh maidir leis na hainmniúcháin, a fhoilseofar ansin mar chuid den phlean bainistíochta abhantraí deiridh.


An chaoi ar féidir leat a bheith páirteach

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, chabhródh sé linn dá bhféadfá an teimpléad freagartha comhairliúcháin a úsáid. Is féidir cóip den teimpléad sin a íoslódáil ón nasc i rannán na ndoiciméad ar an leathanach gréasáin seo. Ba cheart teimpléid chomhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig rbmp@housing.gov.ie

Mar rogha air sin, is féidir leat do fhreagra a chur isteach tríd an bpostaschuig:

Comhairliúchán RBMP

Aonad Comhairleach Uisce

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Nó trí ríomhphost chuig: rbmp@housing.gov.ie

Ní gá duit freagra a thabhairt ar gach ceist sa chomhairliúchán. Má tá réimse spéise faoi leith agat, féadfaidh tú díreach freagra a thabhairt ar an ábhar sin.

Cuirfear clabhsúr leis an tréimhse comhairliúcháin Déardaoin, 31 Márta 2022.

Gheobhaidh tú admháil go bhfuil d’aighneacht faighte, agus ní bheifear in ann freagraí aonair a sheoladh.


Doiciméid

Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn 2022-2027
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - Appendix 1 – Correlation Table with Directive Text including Annex VII
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - Appendix 2 – Draft List of Proposed Measures
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - Appendix 3 – List of Proposed Areas for Action
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - Strategic Environmental Assessment Report
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - Natura Impact Statement
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Analysis of responses - Final summary report
Amharc amharc
Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2022-2027 - Teimpléad Freagartha Comhairliúcháin
Download link for Íoslódáil
Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2022-2027 - Ráiteas Príobháideachta
Amharc amharc
Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn 2022 go 2027 - Grafaice Faisnéise
Amharc amharc
Dréacht-Phlean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn 2022 go 2027 - Grafaice Faisnéise - Leagan Inrochtaine
Amharc amharc
Draft River Basin Management Plan 2022-2027 - AA Screening Determination
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus trácht a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a n-eisiúna faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Níor cheart faisnéis íogair phearsanta, rúnda nó tráchtála a chur i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.


Cad é a dhéanfaimid le do fhreagra?

Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a chuireann freagróirí ar fáil chun céad Phlean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann a ullmhú don tréimhse 2022-2027.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí na haighneachtaí a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Ar aon chaoi, beidh na haighneachtaí ar fad a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí. Féach an Ráiteas Príobháideachta chomh maith faoin nasc Doiciméid thuas.


Aighneachtaí