Comhairliúchán Poiblí ar Dhréachtphlean Freagartha um Bhagairt do Chromán na gCearc, Tuarascáil Timpeallachta agus Ráiteas Tionchair Natura
- Foilsithe: 12 Eanáir 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 12 Eanáir 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 20 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 10 Meán Fómhair 2024
Consultation is closed
An fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
D’fhoilsigh Darragh O’Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Malcolm Noonan, an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Dréachtphlean Freagartha um Bhagairt do Chromán na gCearc le haghaidh comhairliúcháin. Is é is aidhm don phlean ionchais fhadtéarmacha na speiceas a fheabhsú agus na bagairtí agus na brúnna atá orthu a laghdú, a dhíothú agus a chosc. Díríonn an Dréachtphlean ar na trí phríomhbhrú agus na príomhbhagairtí a eascraíonn as earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an fhuinnimh gaoithe. Ullmhaíodh an Dréachtphlean de bhun Rialachán 39 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011-2021 agus tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh i gcomhréir le ceanglais Rialachán 21 ann.
Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 13(1)(b) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Chomhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe), 2004, IR Uimh. 435 de 2004 (arna leasú le I.R. 200 de 2011)
De réir Treoir (2001/42/CE), Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) an Aontais Eorpaigh agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) Rialacháin 2004, I.R. Uimh. 435 de 2004 (arna leasú le I.R. 200 de 2011), tá an dréachtphlean ag gabháil le Tuarascáil Timpeallachta MST agus Achoimre Neamhtheicniúil. Tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 13(1)(b) de na Rialacháin seo.
Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 42A de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh. 293 de 2021)
Tá measúnú cuí á dhéanamh ag an Aonad um Measúnú Éiceolaíoch ar an Dréachtphlean, mar a cheanglaítear faoi Rialachán 42 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011-2021. Tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 42(13) de na Rialacháin seo. Tabharfaidh an tAonad um Measúnú Éiceolaíochta aird ar aon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar le linn an chomhairliúcháin phoiblí agus féadfaidh siad a chinneadh ina dhiaidh sin go ndéanfaidh an plean, nó nach ndéanfaidh, dochar do shláine láithreán Eorpach.
Conas a bheith páirteach
Iarrtar ar dhaoine den phobal aighneacht a dhéanamh nó barúil a thabhairt maidir leis an dréachtphlean; tuarascáil Timpeallachta SEA agus Achoimre Neamhtheicniúil, agus Ráiteas Tionchair Natura, le linn na tréimhse ó Dé hAoine 12 Eanáir 2024 go dtí 5pm Dé Máirt 20 Feabhra 2024.
Cóip den
- Dréachtphlean Freagartha um Bhagairt do Chromán na gCearc
- Tuarascáil Comhshaoil SEA agus Achoimre Neamhtheicniúil
- Scagadh EAU le haghaidh Measúnú Iomchuí
- Scagadh EAU 42A5 le haghaidh Measúnú Iomchuí
- Ráiteas Tionchair Natura
- Ráiteas Príobháideachais
ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag 90 oifig Shráid an Rí Thuaidh (Margadh na Feirme) na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Baile Átha Cliath 7, le linn uaireanta oifige (9.15 go 5.30pm Luan go Déardaoin agus 9.15am go 5.15pm Dé hAoine, gan laethanta saoire poiblí a áireamh) le linn na tréimhse ó Dé hAoine 12 Eanáir 2024 go dtí pm Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024.
Más mian leat féachaint ar na doiciméid i bpearsa, seol ríomhphost chuig henharrierconsultation@npws.gov.ie nó cuir glao ar (01) 8883242 agus déan tagairt don chomhairliúchán chun coinne a dhéanamh.
Aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an Dréachtphlean agus an Tuarascáil Timpeallachta SEA agus Achoimre Neamhtheicniúil
Is féidir aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an Dréachtphlean agus Tuarascáil Timpeallachta SEA agus Achoimre Neamhtheicniúil a dhéanamh chuig henharrierconsultation@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán faoin bPlean Freagartha um Bhagairt do Chromán na gCearc
An tAonad um Agra-Eiceolaíocht
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
90 Sráid an Rí Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath D07 N7CV.
Cuirfear na haighneachtaí agus na barúlacha seo san áireamh le linn an Dréachtphlean agus an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta a thabhairt chun críche.
Aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an Ráiteas Tionchair Natura
Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí maidir le Ráiteas Tionchair Natura a dhéanamh go díreach chuig an Aonad um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra trí ríomhphost a sheoladh chuig EAU@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán faoin bPlean Freagartha um Bhagairt do Chromán na gCearc
Ráiteas Tionchair Natura
Seomra 2.23 An tAonad um Measúnú Éiceolaíoch
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
90 Sráid an Rí Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath D07 N7CV.
Déanfaidh an tAonad um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na haighneachtaí sin a mheas agus beidh siad mar bhonn eolais do chinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir um Ghnáthóga agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011-2021.
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí faighte a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach ar Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoin nas Cáipéisí le haghaidh breis eolais.
Doiciméid
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht nó barúil aighnithe don Roinn maidir leis an ábhar seo faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) Rialacháin 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm agus do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair faoi deara gur féidir gach aighneacht agus barúil a fuarthas a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. In aon chás, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Féach thíos ar an Ráiteas Príobháideachais chomh maith.
Déanfar aighneachtaí agus barúlacha a mheas agus an Plean agus na measúnuithe gaolmhara á dtabhairt chun críche, mar a leagtar amach thuas.