Comhairliúchán Poiblí ar DTT L (Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú) Teaghaisí agus DTT F (Aeráil).
- Foilsithe: 2 Nollaig 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 2 Nollaig 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 3 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Nollaig 2024
Consultation is closed
Tá comhairliúchán poiblí fógartha ag an Aire Alan Dillon, Aire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, ar a rún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Rialacháin Foirgníochta, Doiciméad L maidir le Treoir Theicniúil (Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú) Teaghaisí agus Doiciméad F maidir le Treoir Theicniúil (Aeráil).
An chúis a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
Faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (TFFF), comhlíonann Éire le ríomhanna maidir leis na costais is fearr chun na ceanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh i Rialacháin Foirgníochta a shocrú gach 5 bliana. Mar thoradh ar ríomhanna in 2023, socraíodh ar leibhéil is fearr costas réamhíoctha maidir le mór-athchóiriú ar Theaghaisí. I gcomhréir leis an TTTF, i gcás ina ndéantar athchóiriú ar níos mó ná 25% d'achar dromchla an imchlúdaigh foirgnimh, ba cheart go mbeadh feabhsú ar fheidhmíocht fuinnimh ar an bhfoirgneamh iomlán go dtí an leibhéal is fearr costas a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.
Glactar sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 go gcuirfear na ceanglais nua seo chun feidhme faoi R1 2025 chun tuilleadh nirt a chur le ceanglais maidir le feidhmíocht le haghaidh mór-athchóiriú i leith foirgnimh cónaithe atá ann cheana ionas go gcuirfear deireadh le coirí breosla iontaise, sa chás ina mbeadh sé praiticiúil.
Chun an ceanglas maidir leis an leibhéal is fearr ó thaobh costas 2023 le haghaidh mór-athchóiriú a bhaint amach, tá sé beartaithe go gcuirfear i bhfeidhm na ceanglais maidir le feidhmíocht RFF d'oibreacha "A3" nó cinn choibhéiseacha ar an leibhéal is fearr ó thaobh costas le haghaidh mór-athchóiriú i leith foirgnimh cónaithe atá ann cheana trí leasuithe do DTT L (Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú) Teaghaisí agus DTT F (Aeráil).
Conas páirt a ghlacadh
Ba cheart aighneachtaí agus barúlacha ar an athbhreithniú a chur isteach ar an Teimpléad le haghaidh Aighneachtaí amháin agus iad seolta trí ríomhphost chuig climateaction@housing.gov.ie
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí agus barúlacha eile a fháil 5:30 p.m. Dé Luain an 03 Feabhra 2025.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a n-eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007- 2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor chóir eolas pearsanta, rúnda nó rúnda ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus glacfar leis go bhfuil tú sásta an t-eolas go léir atá i d'aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a Dhéanfaimid Le Do Fhreagairt
Beidh freagairtí mar bhonn eolais de thabhairt chun críche an athbhreithnithe 2025 ar DTT L (Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú) Teaghaisí agus DTT F (Aeráil). Tabhair do d'aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Ar aon chuma, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Féach chomh maith an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil faoi nasc na nDoiciméad thuas.