Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ar na Saincheisteanna Móra Bainistíochta Uisce don Phlean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn den tríú córas 2022-2027

Tá an Comhairliúchán dúnta


Mar gheall ar Covid-19, agus na srianta a bhí ar dhaoine le linn na tréimhse comhairliúcháin, tá síneadh ama don chomhairliúchán poiblí ar na Saincheisteanna Móra Bainistíochta Uisce d’Éirinn. Mairfidh an comhairliúchán leathnaithe anois go dtí a cúig a chlog Dé hAoine, 7 Lúnasa 2020.

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil cáipéis ina dtugtar cuntas ar na Saincheisteanna Móra Bainistíochta Uisce don tríú Plean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn do chomhairliúchán poiblí.


An fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh againn?

Tá na luathchéimeanna bainte amach ag Éirinn faoi láthair chun an Plean Bainistíochta Abhantraí (an PBA) den tríú córas a ullmhú faoin gCreat-Treoir Uisce (nasc seachtrach atá sa nasc). Mar chuid den phróiseas seo, tá orainn cáipéis chomhairliúcháin a fhoilsiú ina leagtar amach ár dtuiscint ar na Saincheisteanna Móra Bainistíochta Uisce ar gá dul i ngleic leo sa tréimhse 2022-2027.

Is é cuspóir na céime comhairliúcháin seo chun do dhearcthaí a bhailiú maidir leis an méid a gceaptar atá ina saincheisteanna móra bainistíochta uisce d’Éirinn ar cheart dul i ngleic leo sa phróiseas pleanála don chéad PBA eile.


An méid atá á lorg againn?

Ní féidir linn cinneadh a dhéanamh sinn féin faoin méid ba cheart a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna móra bainistíochta uisce. Teastaíonn uainn go nglacann gach earnáil páirt ann, lena chinntiú go dtéitear i mbun na ngníomhartha is cuí.

Tugtar cuireadh duit chun a ndearcthaí a chur ar fáil faoi na saincheisteanna tábhachtacha a shainaithnítear, gníomhartha breise a mholadh ar féidir tabhairt fúthu chun dul i ngleic leis na saincheisteanna agus chun aon saincheisteanna breise a shainaithint a bhféadfadh go bhfuil gá le dul i ngleic leo sa tríú Plean Bainistíochta Abhantraí.

Agus do chuid dearcthaí á lorg ar na Saincheisteanna Móra Bainistíochta Uisce agus a réitigh fhéideartha, leagamar amach roinnt ceisteanna ar leith maidir le gach ceann de na dúshláin a dtugtar cuntas orthu sa cháipéis chomhairliúcháin, agus tá cóip díobh ar fáil lena híoslódáil sa mhír ‘Cáipéisí’ ar an leathanach gréasáin seo.

Trí fhreagairt, cabhróidh tú chun bainistíocht na timpeallachta uisce, ar an iomlán, a mhúnlú. Cabhróidh an fhaisnéis a bhaileofar linn chun ullmhú don chéad chóras eile de na Pleananna Bainistíochta Abhantraí, trí thionchar a imirt ar ábhar an dréachtphlean atá le foilsiú faoi Nollaig 2021


Conas páirt a ghlacadh?

Más mian leat an suirbhé seo a chomhlánú i nGaeilge, is féidir teimpléad freagartha comhairliúcháin a íoslódáil ón nasc sa mhír ‘Cáipéisí’ ar an leathanach gréasáin seo. Ba cheart teimpléid chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig: rbmp@housing.gov.ie

Mar rogha air sin, is féidir freagairtí a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Comhairliúchán SMBU

An tAonad Comhairleach Uisce

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Ní gá duit freagairt do gach ceist sa chomhairliúchán. Má tá ábhar ar leith spéise agat, is fútsa atá sé gan ach na ceisteanna siúd a fhreagairt.

Dúnfar an tréimhse chomhairliúcháin 5pm, Dé hAoine, an 7 Lúnasa 2020.

Aithneofar go bhfuarthas aighneachtaí ach ní bheidh sé indéanta freagairtí aonair a eisiúint.


Cáipéisí

Cáipéis Chomhairliúcháin
Amharc amharc
Teimpléad Freagartha an Chomhairliúcháin
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Ráiteas Príobháideachais
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Téarmaí agus Coinníollacha

Is féidir gach aighneacht agus tuairim a sheoltar chuig an Roinn ar an gcuspóir seo a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014. Bíonn aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, chomh maith.

Níor cheart eolas pearsanta, rúnda ná eolas atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht agus measfar go bhfuil an t-eolas go léir i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


An méid a dhéanfaimid le d’Fhreagairt

Úsáidfear an fhaisnéis a chuireann freagróirí ar fáil chun ábhar agus díriú an tríú Plean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn, a chumhdaíonn an tréimhse ó 2022 go 2027, a mhúnlú.

Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir aighneachtaí a dhéantar a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. I gcás ar bith, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Féach, chomh maith, an Ráiteas Príobháideachais faoin nasc ‘Cáipéisí’ thuas.

toradh an chomhairliúcháin

Significant Water Management Issues Public Consultation - Analysis of responses - Final summary report
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Submissions 51 to 100
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Submissions 1 to 50
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Submissions 101 to 150
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Submissions 151 to 161
Amharc amharc
Significant Water Management Issues Public Consultation - Submissions 162 to 171
Amharc amharc