Comhairliúchán Poiblí ar Ráiteas Straitéise nua don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Deireadh Fómhair 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 20 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 7 Nollaig 2022
Consultation is closed
Fógra
Tá áthas ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra a fhógairt go bhfuil síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haighneachtaí a fháil mar gheall ar an ardéileamh go dtí Dé hAoine an 20 Eanáir 2023. Míle buíochas le gach éinne a chuir aighneacht isteach cheana féin.
Cén fáth a bhfuilimid ag seoladh comhairliúchán poiblí
Leagfaidh an chéad Ráiteas Straitéise don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) misean lárnach agus luachanna an SPNF amach, chomh maith lenár dtosaíochtaí straitéiseacha tábhachtacha mar eagraíocht do 2023-2025.
Tá muid ag iarraidh bhur ndearcthaí a fháil maidir le cén tosaíochtaí ar cheart a bheith againn sna trí bliana atá amach romhainn. Cad iad na spriocanna is tábhachtaí a cheapann tú gur cheart don SPNF oibriú i dtreo thar an tréimhse ama sin? An bhfuil smaointe maithe agat maidir le conas na spriocanna sin a bhaint amach? Conas ar cheart dúinn dul chun cinn a thomhas?
Táimid ag iarraidh cloisteáil uait.
Conas páirt a ghlacadh
Tá dhá bhealach ann deis labhartha a bheith agat:
- Is féidir leat an doiciméad comhairliúcháin a léamh, agus ansin líon amach ceistneoir ar líne atá níos mionsonraithe.
- Más fearr leat freagraí an doiciméid chomhairliúcháin a sheoladh trí ríomhphost nó sa phost, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig: strategyconsultation@npws.gov.ie, nó é a chur sa phost chuig:
Straitéis Chomhairliúcháin
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,
90 Sráid An Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath 7
D07 N7CV.
Tá áthas ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra a fhógairt go bhfuil síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haighneachtaí a fháil mar gheall ar an ardéileamh go dtí Dé hAoine an 20 Eanáir 2023. Míle buíochas le gach éinne a chuir aighneacht isteach cheana féin.
Doiciméid
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Cabhróidh do dhearcthaí linn cruth a chur ar Straitéis na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i rith na trí bliana atá le teacht.
Téarmaí agus coinníollacha
Féadfar gach aighneacht atá faighte againn mar chuid den chomhairliúchán a fhoilsiú nó a scaoileadh ar shlí eile faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF), 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007- 2014.
Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Ba chóir nach mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i dtéacs na haighneachta.
Féach ar an Ráiteas Príobháideachais don chomhairliúchán seo le do thoil.