English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Thithíocht agus Pleanáil agus Forbairt, 2019

Consultation is closed


Achoimre

D’fhoilsigh an tUasal Eoghan Murphy, T.D., an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Scéim Ghinearálta an Bhille um Thithíocht agus Pleanáil agus Forbairt, 2019 inniu, an 9 Nollaig 2019, ar mhaithe le cuspóirí comhairliúcháin phoiblí.

Cuimsítear i Scéim Ghinearálta an Bhille leasuithe reachtaíochta a bheartaítear ar na forálacha athbhreithnithe bhreithiúnaigh san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, leasuithe ina measc ar na buanchearta chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh i gcásanna pleanála agus leasuithe ar na rialacha speisialta maidir le costais dlí a bhaineann leis na hagóidí athbhreithnithe bhreithiúnaigh siúd.


Aighneacht a Dhéanamh

Tugann an Roinn cuireadh d’aighneachtaí poiblí ar Scéim Ghinearálta an Bhille. Dúnfar an tréimhse chomhairliúcháin ag 5pm Dé Luain, an 27 Eanáir 2020. Is féidir leat aighneacht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

Ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas amháin planning@housing.gov.ie agus ‘An Bille um Thithíocht agus Pleanáil agus Forbairt, 2019’ a scríobh sa líne ábhair; nó

Trí scríobh chuig an seoladh seo a leanas:

Aighneachtaí maidir leis an mBille um Thithíocht agus Pleanáil agus Forbairt, 2019,

An Rannóg Beartas agus Reachtaíocht Phleanála,

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil,

Teach an Chustaim,

Baile Átha Cliath

D01 W6X0


Cáipéisí

General Scheme of Housing and Planning and Development Bill 2019
Amharc amharc
Privacy Statement - General Scheme of Housing and Planning and Development Bill 2019
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha:

Is féidir gach aighneacht agus tuairim a sheoltar chuig an Roinn ar an gcuspóir seo a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014. Bíonn aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, chomh maith.

Níor cheart eolas pearsanta, rúnda ná eolas atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht agus measfar go bhfuil an t-eolas go léir i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


An méid a dhéanfaimid le d’Fhreagairt

Cuirfidh freagairtí eolas ar fáil d’fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an mBille. Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir aighneachtaí a dhéantar a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. I gcás ar bith, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Cuirtear in iúl don phobal go bhfuil breithniú á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair ar na haighneachtaí fad atá an comhairliúchán ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Thithíocht agus Pleanáil agus Forbairt, 2019 dúnta anois. Tá sé ar intinn ag an Roinn na haighneachtaí a chur ar fáil ar iarraidh in am agus i dtráth.