Comhairliúchán Poiblí ar thograí chun an próiseas do Chlárúchán Toghthóirí a nuachóiriú
- Foilsithe: 19 Nollaig 2018
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 17 Nollaig 2018
- Dúnadh na haighneachtaí: 15 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022
Consultation is closed
D’fhoilsigh an tUasal John Paul Phelan, T.D., an tAire Stáit atá freagrach as athchóiriú toghchánach, doiciméad comhairliúcháin le tuairimí an phobail a fháil ar réimse tograí chun an próiseas do chlárúchán toghthóirí a uasdatú agus a nuachóiriú.
Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh?
Cé gur oibrigh an córas reatha go maith, is beag athrú atá déanta ar na próisis a bhaineann le bailiú agus le bainistiú an chláir toghthóirí ó bunaíodh an stáit. Sna tograí seo moltar bealaí chun an próiseas clárúcháin a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais daonlathais sa nua-aois.
Iarrtar ar an bpobal agus ar na rannpháirtithe go léir a gcuid tuairimí a thabhairt, a gcúraimí a chlárú, tacaíocht a fhógairt, ceisteanna maidir le feidhmiú a shainaithint; nó fiú ráiteas a dhéanamh. Déanfar anailís ar an ionchur ar fad agus úsáidfear an t-ábhar chun bonn eolais a chur faoi réiteach tograí mionsonraithe feidhmithe agus reachtaíochta i rith na bliana 2019.
Leis na tograí i gcomhar d’fhéadfaí:
- clárúchán a dhéanamh ar bhealach a bheadh oiriúnach do gach duine - ar líne nó ar pháipéar
- próiseas soiléir, simplí a bhunú - foirm amháin, próiseas amháin, clár amháin - ó cheann ceann na bliana
- bunachar slán sonraí a chur le chéile chun cros-seiceáil a éascú d’údaráis áitiúla agus sonraí a chosaint ag an am céanna
- slándáil agus so-rochtaineacht a chothromú chun sláine an phróisis clárúcháin a chosaint
- clár toghthóirí atá slán, cuimsitheach agus cruinn a bhunú
- sonraí a chomhroinnt sa todhchaí - faoi réir caighdeáin, teorainneacha agus cosaintí soiléire
Leis na leasuithe seo a éascú ina n-iomláine, bheadh gá le fíorú aitheantais a fheabhsú, mar shampla Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (uimhreacha PSP) a chur ar fáil, agus sonraí a chomhroinnt idir údaráis áitiúla, a bhainistíonn na cláir toghthóirí agus comhlachtaí eile stáit (le haghaidh feidhmeanna fíorúcháin).
Le sábháilteacht agus slándáil sonraí agus sláine an toghchórais a chinntiú, ní mór na pointí seo a leanas a chur san áireamh:
- beidh cosaint sonraí agus príobháideachas lárnach ag gach céim; beidh bailiú agus stóráil sonraí faoi réir miontástála
- tabharfar tosaíocht do shlándáil crua-earraí agus do chibearshlándáil
- beidh rialacha dochta úsáide dóibh siúd a bheidh ag obair leis an gclár, agus cuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm i gcás mí-úsáide
- déanfar iniúchadh dian leanúnach ar shlándáil agus ar chobhsaíocht go fadtéarmach
Cén chaoi ar féidir a bheith páirteach?
Déan aighneacht
Is é an spriocdháta Dé hAoine 15 Márta 2019.
Trí ríomhphost (b’fhearr linn aon cheangaltáin a fháil i bhformáid Microsoft Word): registerreform@housing.gov.ie
De rogha air sin, is féidir freagairtí a sheoladh tríd an bpost go: Togra Comhairliúcháin do Chlárúchán Toghthóirí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.
Ba cheart a thabhairt faoi deara, go gcuirfear na haighneachtaí scríofa ar fad a gheofar, ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne, ar mhaithe le trédhearcacht.
Cáipéisí
Físeán
Leagan inrochtana
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear comhairle ar fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a chur i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht un Shaoráil Faisnéise 2014.
Mar a Dhéanfaimid le d’Fhreagairt
Úsáidfear na freagairtí le bonn eolais a chur faoi thogra feidhmithe iomláin chun an próiseas do chlárúchán toghthóirí a nuachóiriú.
Beidh na haighneachtaí ar fad a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí agus foilseofar iad ar an suíomh gréasáin.
toradh an chomhairliúcháin
Tuarascáil ar an bPróiseas Comhairliúcháin Phoiblí
Tá an Tuarascáil ar an bPóiseas Comhairliúcháin Phoiblí sin foilsithe anois agus tá sé ar fáil anseo: Tuarascáil ar Chomhairliúcháin Poiblí.
Tá achoimre ar phríomhthorthaí na dTuarascálacha ar fáil anseo: Achoimre ar an Tuarascáil Chomhairliúcháin Phoiblí.