English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Threoir Réime um Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 1: Measúnú (Airteagal 8), Dea-Stádas Comhshaoil a Chinneadh (Airteagal 9) agus Spriocanna Comhshaoil (Airteagal 10)


Achoimre

Iarrann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tuairimí, dearcthaí agus aigní maidir le hathbhreithniú agus forbairt Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 1: Measúnú (Airteagal 8), Dea-Stádas Comhshaoil a Chinneadh (Airteagal 9) agus Spriocanna Comhshaoil (Airteagal 10) faoi Treoir Réime um Straitéis Mhuirí an AE (TSM, 2008/56/CE).

Tá an measúnú is cuimsithí agus is déanaí ar stádas chomhshaoil mhuirí na hÉireann, i Straitéis Mhuirí TSM na hÉireann Cuid 1, na saintréithe ar cheart a bheith i gceist le Dea-Stádas Comhshaoil (DSC), agus sraith athbhreithnithe spriocanna comhshaoil do gach ceann de na 11 tuairisceoir cáilíochtúil ar an Treoir. Tá anailís shocheacnamaíoch ann freisin ar úsáid uiscí muirí na hÉireann agus ar chostas díghrádaithe an chomhshaoil mhuirí.


Cén fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn?

Is náisiún oileánda í Éire le cultúr agus oidhreacht shaibhir mhuirí aici, agus ceann de na críocha muirí is mó san Eoraip aici. Tá ár n-uiscí thar a bheith táirgiúil agus tá éiceachórais uathúla iontu, a thugann go leor buntáistí agus seirbhísí dúinn, lena n-áirítear tacú le hiascaigh, ár n-aeráid a rialú, agus seirbhísí cultúrtha, sóisialta agus éiceachórais a sholáthar. Tá sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí daonna a bhainistiú go héifeachtach inár n-aigéan agus inár n-uiscí cósta chun a chinntiú go n úsáidtear an comhshaol ó thaobh inbhuanaitheachta de, agus chun a ráthú go bhfuil na farraigí agus na speicis mhuirí éagsúil agus flúirseach, agus go leanann siad ar aghaidh le tairbhí a sholáthar don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.

Le cur chun feidhme an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí CTSM, 2008/56/CE, cuirtear uirlisí ar fáil chun beartas a leagan síos maidir leis an gcomhshaol muirí agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú maidir le Dea-Stádas Comhshaoil (DSC) a bhaint amach agus, dá bhrí sin, comhshaoil mhuirí atá glan, sláintiúil, éagsúil ó thaobh na bitheolaíochta de agus a úsáidtear go hinbhuanaithe agus atá athléimneach i gcoinne an athraithe aeráide. Cuirtear tús le timthriall sé bliana 3 den TSM in 2024 le hathbhreithniú ar Chuid 1 de Straitéis Mhuirí na hÉireann. Áirítear leis seo dréacht-mheasúnú ar DSC (Airt. 8), sainmhíniú athnuaite ar an gcuma atá ar DSC do gach tuairisceoir (Airt. 9) agus spriocanna comhshaoil nuashonraithe (Airt. 10)

Go náisiúnta, trí éascú a dhéanamh ar gach páirtí leasmhar (an pobal, páirtithe leasmhara, earnálacha muirí agus eile) ról gníomhach a bheith acu sa phróiseas cinnteoireachta, cinntítear go ndéantar riachtanais na bpáirtithe leasmhara uile a mheas, agus tacaíocht na sochaí don ghníomhaíocht á neartú ag an am céanna.

Tá an comhairliúchán seo mar chuid den rannpháirtíocht sin agus dírítear go sonrach ar na nuashonruithe ar chur chun feidhme Airteagail 8, 9 agus 10 den Treoir chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt maidir le Cuid 1 den Straitéis Mhuirí nuashonraithe.


Cad í Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 1?

Airteagal 8 - Measúnú

Foilsíodh an measúnú deireanach ar Chomhshaoil Mhuirí na hÉireann in 2020 Straitéis Mhuirí Cuid 1: Measúnú Airteagal 8, 9 agus 10. Ag an am sin bhí DSC bainte amach nó á chothabháil ag cúig cinn den 11 tuairisceoir (speicis neamhdhúchasacha, eotrófú, coinníollacha hidreagrafacha, ábhar salaithe agus ábhar salaithe i mbia mara), baineadh DSC amach freisin do ghnéithe áirithe a ndearnadh measúnú orthu faoi dhá thuairisceoir: bruscar muirí (bruscar trá) agus torann (torann ríogach), agus bhain triúr tuairisceoirí DSC amach go páirteach: bithéagsúlacht, iasc tráchtála agus sliogéisc, agus sláine ghrinneall na farraige.

Léiríonn measúnú 2024 an tuiscint is mionsonraithe ar chomhshaoil mhuirí na hÉireann go dtí seo, lena n-áirítear sláinte speiceas agus gnáthóg mhuirí na hÉireann, agus na príomhbhrúnna a théann i bhfeidhm orthu. Bhí sé seo indéanta trí chomhcheangal shonraí ó níos mó ná 20 clár monatóireachta agus 22 measúnú eolaíoch a shonraítear i gCuid 2 de Straitéis Mhuirí na hÉireann: Cláir Mhonatóireachta.

Cabhraíonn an measúnú seo le meastóireacht a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá na bearta reatha ag obair agus sainaithnítear réimsí ar gá iad a fheabhsú. Nochtann sé freisin bearnaí inár n-eolas a threoróidh riachtanais mheasúnaithe amach anseo.

Den chéad uair riamh, tá measúnú curtha san áireamh ag Éirinn ar thionchair an athraithe aeráide agus aigéadú aigéin ar an gcomhshaol muirí ina measúnú ar Airteagal 8. Is é seo an chéad chéim chun bearta breise a shainaithint chun athléimneacht a fheabhsú, éiceachórais íogaire a chosaint agus cur le seirbhísí éiceachórais amhail stóráil gormcharbóin.

Airteagal 9 – Cinneadh DSC

Gach sé bliana déantar athbhreithniú ar na tréithe chun DSC a bhaint amach. Sainmhíníonn na tréithe seo an cháilíocht chomhshaoil atá le baint amach do na 11 tuairisceoir. Is féidir tacú leis na tréithe seo le luach tairsí, nó le raon luachanna, a cheadaíonn measúnú intomhaiste ar an leibhéal cáilíochta. Breathnaíodh ar shainmhínithe reatha DSC na hÉireann, mar a shainmhínítear iad i dtimthriall 2 (2020), agus nuair is ábhartha, athbhreithníodh iad. Soláthraíonn an t-athbhreithniú seo cinneadh níos dírithe chun an brú agus na measúnuithe stáit a bhreithniú, luachanna tairsí arna bhforbairt trí chomhar réigiúnach agus AE san áireamh, agus léiríonn sé aon dul chun cinn in eolas agus tuiscint eolaíoch ar DSC ó 2020 i leith. Tá liosta de na cinntí DSC le fáil in Iarscríbhinn I den phríomhthuarascáil.

Airteagal 10 – Spriocanna Comhshaoil

Treoraíonn spriocanna comhshaoil dul chun cinn i dtreo Dea-Stádas Comhshaoil (DSC) a bhaint amach sa chomhshaol muirí agus an bhearna idir an stádas comhshaoil reatha (Airteagal 8) agus an DSC atá ag teastáil a líonadh (Airteagal 9).

Is féidir le spriocanna comhshaoil leibhéil inghlactha brúnna comhshaoil ar an gcomhshaol muirí, nó na hathruithe riachtanacha orthu, a shainaithint ar bhealach cainníochtúil nó cáilíochtúil. Féadfaidh siad freisin an DSC féin nó na hathruithe iarbhír is gá ar an staid reatha a léiriú chun DSC a bhaint amach nó a chothabháil.

Tá dlúthbhaint idir na spriocanna agus na gníomhaíochtaí sonracha faoiChuid 3 de Straitéis Mhuirí na hÉireann: Clár na mBeart (CB). Déantar measúnú ar sprioc a de réir cé mhéad a laghdaíodh an brú nó an tionchar nó cé mhéad a feabhsaíodh an stádas. Áirítear le spriocanna athchóirithe spriocanna chun stádas gnáthóg mhuirí a chothabháil nó a fheabhsú chun a chinntiú go soláthraíonn siad seirbhísí ríthábhachtacha éiceachórais amhail rialáil na haeráide, úsáid inbhuanaithe an chomhshaoil mhuirí agus cosaint gnáthóg agus speiceas atá i mbaol.


Conas is féidir leat a bheith páirteach?

Tríd an gcomhairliúchán poiblí seo ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil ar Dhréacht-Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 1. Go sonrach, ba mhaith linn do thuairimí a fháil maidir le Measúnuithe Airteagal 8 ar an Dea-Stádas Comhshaoil, ar Chinneadh Airteagal 9 DSC agus ar Spriocanna Comhshaoil Airteagal 10 mar atá sainmhínithe do gach ceann de na 11 Tuairisceoir ar an CTSM.

Táimid ag tabhairt cuireadh d’aon pháirtithe leasmhara (e.g. daoine aonair nó grúpaí) tuairimí a thabhairt agus aighneachtaí a dhéanamh ar an Straitéis Mhuirí nuashonraithe Cuid 1. Chun a bheith páirteach, déan machnamh ar na trí dhoiciméad a chuirtear ar fáil thíos. Is féidir leat do chuid tuairimí agus aigní a sheoladh isteach ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos:

Seol ríomhphost chuig: marine.env@housing.gov.ie

Ní mór gach aighneacht a chur isteach faoi 5pm 25th Meán Fómhair 2024.


Cáipéisí

Irelands Marine Strategy Part 1: Annex III
Amharc amharc
Irelands Marine Strategy Part 1: Annex III
Amharc amharc
Irelands Marine Strategy Part 1: Annex IV
Amharc amharc
Treoir Réime um Straitéis Mhuirí
Amharc amharc

Téarmaí agus coinníollacha

Tá gach tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne faoi réir a n-eisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá tuairimí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin. Féach an ráiteas príobháideachais faoi rannán doiciméad le haghaidh tuilleadh sonraí.