Comhairliúchán Poiblí ar thuarascáil ghrúpa comhairleach saineolaithe dar teideal “Líonra na Limistéar Muirí Faoi Chosaint in Éirinn a Leathnú Amach”
- Foilsithe: 17 Feabhra 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 17 Feabhra 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2022
Consultation is closed
Achoimre
Iarrann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, aighneachtaí, breathnuithe agus tuairimí ar thuarascáil ghrúpa comhairleach saineolaithe ar limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAanna) dar teideal “Líonra na Limistéar Muirí faoi Chosaint in Éirinn a Leathnú Amach”.
Is é aidhm an chomhairliúcháin phoiblí seo cuireadh a thabhairt duit do thuairimí a roinnt ar an bpróiseas trína leathnófar líonra MPAanna na hÉireann.
Go ginearálta, limistéir mhuirí atá sainithe ar an mbonn geografach iad MPAanna le cosaintí áirithe chun críocha caomhnaithe. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas 30% dár limistéar muirí a ainmniú mar MPAanna faoi 2030. Faoi láthair is ionann ár gclúdach MPA agus 2.13%.
Cén fáth a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?
Cuideoidh timpeallacht mhuirí atá glan, sláintiúil, éagsúil agus táirgiúil le bithéagsúlacht, ár bhfolláine agus ár ngeilleagar a chosaint. Soláthróidh sé athléimneacht níos fearr freisin i gcoinne éifeachtaí an athraithe aeráide agus tacóidh sé le raon leathan gníomhaíochtaí agus cleachtas inbhuanaithe daonna.
Beidh líonra na limistéar muirí faoi chosaint (MPAanna) in Éirinn ina uirlis thábhachtach chun a chinntiú go leanfaimid le timpeallacht mhuirí rathúil, cibé acu inár gcuanta cósta, farraigí éadomhain nó san Atlantach níos doimhne. Díríonn an comhairliúchán poiblí seo ar thuarascáil ghrúpa comhairleach neamhspleách ar líonra MPAanna na hÉireann a leathnú, a d’fhoilsigh an Roinn i mí Eanáir 2021. Breithníonn an tuarascáil:
- cad iad na gnéithe dár dtimpeallacht mhuirí ba cheart a chosaint
- cén fáth ar chóir iad a chosaint, agus
- conas ba chóir iad a chosaint.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán poiblí tuairimí agus dearcaí raon leathan daoine a bhailiú thar thréimhse cúig mhí, d’fhonn an Rialtas a threorú san obair seo agus tacú le leathnú líonra MPA na hÉireann.
Conas is féidir leat a bheith páirteach
Táimid ag tabhairt cuireadh d'aon pháirtithe leasmhara (m.sh. daoine aonair nó grúpaí aonair) tuairimí a sholáthar agus aighneachtaí a dhéanamh ar thuarascáil Ghrúpa Comhairleach an MPA. Is féidir teacht ar chóip den tuarascáil seo trí chliceáil ar an gcéad nasc faoin gceannteideal 'Doiciméid' thíos.
Le bheith páirteach, comhlánaigh agus cuir isteach an suirbhé ar líne tríd an mbrabhsálaí Chrome/Edge/Safari/Firefox. (Tá seans nach n-oibreoidh sé i gceart ar Internet Explorer)
Is féidir teacht ar chóip PDF den fhoirm suirbhé trí chliceáil ar an dara nasc faoin gceannteideal 'Doiciméid' thíos. Ní mór gach aighneacht a chur isteach faoi 5i.n. Dé hAoine an 30 Iúil 2021.
Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil an suirbhé go hiomlán anaithnid agus gur féidir é a shábháil agus a stóráil go sealadach sula ndéanann tú é a chomhlánú agus a chur isteach ar líne.
Mura féidir leat an suirbhé ar líne a úsáid is féidir leat d’fhoirm shuirbhé chomhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost nó tríd an bpost. Is féidir leat tuairimí, breathnuithe nó ábhar eile a sheoladh isteach freisin trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid:
Comhairliúchán Poiblí an MPA 2021,
f/ch Timpeallacht Mhuirí,
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta,
An Baile Nua, Loch Garman,
Y35 AP90.
Ríomhphost: marine.env@housing.gov.ie
Doiciméid
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus ráiteas a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil gach faisnéis atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair ar aird le do thoil go bhféadfar aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Ar aon chaoi, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Féach freisin an Ráiteas Príobháideachta faoin nasc 'Doiciméid' thuas.
Aighneachtaí - Athbhreithniú Neamhspleách
Bhí an t-aiseolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí faoi réir athbhreithniú neamhspleách agus rinneadh anailís mhionsonraithe ar na freagraí go léir a fuarthas.