Comhairliúchán Poiblí - Athbhreithniú ar an Earnáil Príobháideach Chónaithe Cíosa
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 26 Meitheamh 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 8 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
Dúirt Nuashonrú an Phlean Gníomhaíochta um Thithíocht do Chách (Samhain 2022) go ndéanfadh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta athbhreithniú cuimsitheach ar an earnáil phríobháideach cíosa a choimisiúnú.
Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin na hathruithe suntasacha rialála a rinneadh le blianta beaga anuas sa mhargadh cíosa cónaithe. Tiocfaidh sé ar chonclúidí maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar ár gcóras tithíochta chun creat éifeachtúil, inacmhainne, inmharthana, sábháilte agus slán a chur ar fáil do thiarnaí talún agus do thionóntaí araon.
Gné lárnach den athbhreithniú is ea an comhairliúchán poiblí. Táimid ag spreagadh an phobail chun a gcuid tuairimí, taithí agus peirspictíochtaí a thabhairt ar an earnáil phríobháideach cíosa in Éirinn.
An bhfuil aon smaointe nó athruithe molta agat chun feabhas a chur ar an earnáil phríobháideach cíosa? Má dhéanann tú, déan teagmháil linn. Go raibh maith agat.
Conas páirt a ghlacadh
Molaimid duit aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh tríd an bhfoirm aighneachta a chomhlánú agus a sheoladh chugainn faoin spriocdháta.
Chun aighneacht a dhéanamh, comhlánaigh Cuid 4 den aighneacht ón rannán “Doiciméid” thíos, le do thoil, agus:
- an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig rentalstrategy@housing.gov.ie nó
- cuir an fhoirm chomhlánaithe sa phost chuig — Margadh Cíosa, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Bóthar Newton, Loch Garman, Y35 AP90.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a chur isteach ná 08 lúnasa 2023.
Doiciméid
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Is foinse thábhachtach eolais iad na haighneachtaí a fhaightear agus cuideoidh siad leis an athbhreithniú. Breithneofar ábhar d’aighneachta nuair a bheidh an t-athbhreithniú á thiomsú againn.
Téarmaí agus coinníollacha
Is féidir gach aighneacht a fhaightear mar chuid den chomhairliúchán seo a fhoilsiú nó a eisiúint ar shlí eile faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014.
Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin. Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda ná íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i dtéacs d’aighneachta.
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Féach freisin an Ráiteas Príobháideachais thuas.