English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí Comhshaoil Trasteorann – Maidir le síneadh 10 mbliana a chur le saol oibríochtúil Ghléasraí Cumhachta Núicléiche Doel 4 agus Tihange 3 agus oibreacha sábháilteachta núicléacha gaolmhara


Acoimhre

An 14 Iúil 2022, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta litir ó Aire Fuinnimh na Beilge maidir leis an síneadh 10 mbliana atá beartaithe ar shaol oibríochtúil ghléasraí cumhachta núicléiche Doel 4 agus Tihange 3, atá suite in aice le Calafort Antuairp agus sráidbhaile Tihange faoi seach.

Thug an litir seo cuireadh d'Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán trasteorann MTT maidir leis an tionscadal beartaithe agus tugadh le fios go mbeadh doiciméid chomhshaoil ábhartha ar fáil go luath in 2023.

Fuarthas na doiciméid is gá chun comhairliúchán trasteorann MTT a éascú ó údaráis na Beilge an 20 Márta 2023.


Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á dhéanamh?

De réir fhorálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip 1991 maidir le Measúnú Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann ("Coinbhinsiún Espoo"), ceanglaítear ar Stáit trasteorann dul i mbun comhairliúcháin phoiblí trasteorann i ndáil le tionscadail ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar chomhshaol Stát comharsanachta mar chuid den mheasúnú tionchair timpeallachta ar fhorbairt bheartaithe. Chun na críche sin, ceanglaítear ar an Stát trasteorann ar ina chríoch atá sé beartaithe an tionscadal a chur chuig an Stát dá ndéantar difear, tráth nach déanaí ná nuair a bheidh a phobal féin á chur ar an eolas aige, tuairisc ar an tionscadal agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann a d'fhéadfadh a bheith aige.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faisnéis ó Aireacht Fuinnimh na Beilge, maidir le dréachtbhille a cheadú chun feidhmiú leanúnach d'imoibreoirí núicléacha Doel 4 agus Tihange 3 a cheadú go ceann 10 mbliana eile.

Gléasra Cumhachta Núicléiche Doel atá suite i gCalafort Antuairp, ar abhainn na Scheldt, thart ar 6km ón teorainn idir an Bheilg agus an Ísiltír. Tá Gléasra Cumhachta Núicléiche Tihange suite ar bhruach Abhainn Meuse, in aice le sráidbhaile Tihange i gCúige Liége na Vallúine, thart ar 40 km ón teorainn idir an Bheilg agus an Ísiltír agus thart ar 65 km ón teorainn leis an nGearmáin agus Lucsamburg. Tá gléasra cumhachta núicléiche Doel i bhfeidhm ó 1974, tá gléasra cumhachta núicléiche Tihange i bhfeidhm ó 1975 agus tá imoibreoirí núicléacha Doel 4 agus Tihange 3 araon i bhfeidhm ó 1985.

Is éard atá sa tionscadal atá beartaithe ná síneadh 10 mbliana a chur le hoibriú imoibreoirí Doel 4 agus Tihange 3 agus na hoibreacha feabhsúcháin a bhaineann le sábháilteacht núicléach a bhaineann leis an síneadh sin. Measann rialtas na Beilge go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tionscadal atá beartaithe maidir lena sholáthar leictreachais a dhaingniú go dtí 2035. Tá an tionscadal i gcomhréir freisin leis an mbeartas ar mian leis an gCoimisiún Eorpach neamhspleáchas méadaithe a bhaint amach ó bhreoslaí iontaise agus ó sholáthar fuinnimh éagsúlaithe. Tá sé curtha in iúl ag údaráis na Beilge go bhfuiltear ag dul i gcomhairle le tíortha atá laistigh de gha 1000 km ó na stáisiúin chumhachta núicléacha sin mar chuid den phróiseas trasteorann MTT.


Conas páirt a ghlacadh

B'fhéidir gur mhaith le baill den phobal cuairt a thabhairt ar thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun féachaint ar chomhfhreagras ó Aireacht Fuinnimh na Beilge, ar dhoiciméid ghaolmhara agus ar naisc a chuireann Aireacht na Beilge ar fáil don Ráiteas Comhshaoil iomlán agus ar gach doiciméad eile a bhaineann leis an iarratas ar thoiliú forbartha don fhorbairt bheartaithe.

Ba cheart go mbeadh an fógra comhairliúcháin phoiblí ar fáil freisin le feiceáil in oifig na Rannóige Pleanála i ngach údarás áitiúil ar fud na tíre le linn uaireanta oifige, trí choinne más gá.

Tá cóip de na doiciméid seo ar fáil lena n-iniúchadh, nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnta a bhaineann le cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige in oifig gach údaráis áitiúil ar fud na tíre. Cuirfidh gach údarás áitiúil naisc chuig gach doiciméad ar fáil ar líne freisin. Déan teagmháil le d'údarás áitiúil chun tuilleadh sonraí a fháil.

Ina theannta sin, tá na doiciméid go léir a bhaineann leis an iarratas ar thoiliú forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear doiciméid bhreise nó leasaitheacha a nglactar leo de rogha Aireacht Fuinnimh na Beilge, ar fáil le feiceáil ar a láithreán gréasáin.

Aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt go díreach chuig Aireacht Fuinnimh na Beilge ag nuclear@economie.fgov.be

Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haighneachtaí ná le tuairimí maidir leis an tionscadal.

Spriocdhátaí le haghaidh aighneachtaí nó barúlacha

Beidh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar oscailt ón gCéadaoin 17 Bealtaine 2023. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo ná am scoir gnó Dé Céadaoin an 21 Meitheamh ar a dhéanaí.


Doiciméid

Additional transboundary notification
Amharc amharc
EIAR Non technical summary
Amharc amharc
Part I General framework and methodology of EIA Doel 4 and Tihange 3
Amharc amharc
Part II Doel 4 EIA
Amharc amharc
Part III Tihange 3 EIA
Amharc amharc
Part IV Overall Decision EIA
Amharc amharc
Queries raised by the EPA and response received from Belgian authorities
Amharc amharc
Transboundary EIA notification from the Belgian Minister of Energy
Amharc amharc

Sonraí teagmhála le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí

Ba chóir aon cheisteanna maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a chur chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin,

An Rannóg Pleanála & Forbartha Maoine, Riarachán Pleanála,

Bloc4, Urlár 3, Oifigí Cathartha,

An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F

Uimhir theileafóin: 01 2223108

Ríomhphost: greg.bryan@dublincity.ie