Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí faoin Dréacht-Phlean i ndáil le hOiriúnú Earnála d'Athrú Aeráide le haghaidh Bonneagar Cáilíochta Uisce agus Seirbhísí Uisce

Tá an Comhairliúchán dúnta


Tá aighneachtaí, tuairimí agus barúlacha á lorg ag an Uasal Eoghan Murphy T.D. an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, faoin Dréacht-Phlean i ndáil le hOiriúnú Earnála d'Athrú Aeráide le haghaidh Bonneagar Cáilíochta Uisce agus Seirbhísí Uisce.

D’fhéadfaí a rá gurb é an t-athrú aeráide ceann de na bagairtí domhanda is tábhachtaí agus is forleithne atá os ár gcomhair sa 21ú haois. Tá sé réamh-mheasta go mbeidh a phríomh-iarmhairtí ag baint le méadú ar theochtaí, ardú i leibhéal na farraige, patrúin na báistí a bheidh ag athrú agus geimhrí níos fliche agus samhraí níos tirime ann, agus stoirmeacha níos géire. Chonacthas eiseamláirí den dóigh a mbíonn tionchar ag na hathruithe sin ar Éirinn i dteagmhais drochaimsire le déanaí, amhail na tuilte sa gheimhreadh in 2015/16, Stoirm Opehelia in 2017 agus na dálaí triomaigh fada sa samhradh in 2018.

Aithníonn eolaithe agus lucht ceaptha beartas go forleathan an t-athrú aeráide mar rud lena gcruthaítear rioscaí suntasacha atá ag dul i méid, lena mbaineann costais a mhéadófar go han-sciobtha de bharr sin - i leith an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair dhomhanda.

Déantar na nithe a leanas leis an Dréachtphlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide seo:

  • gintear bonnlíne de thionchair agus d’iarmhairtí reatha a bhaineann leis an aeráid agus leis an aimsir don earnáil
  • déantar measúnú ar an dóigh a bhféadfadh na tionchair earnála sin a athrú sa tréimhse go dtí 2050, bunaithe ar shamhaltú agus ar anailísiú na haeráide atá ar fáil; agus
  • leagtar amach bearta oiriúnaithe atá á nglacadh, agus na réimsí á soiléiriú ina mbeidh iarrachtaí oiriúnaithe sa todhchaí de dhíth.

Soláthrófar treoir straitéiseach leis an bPlean ar feadh na n-earnálacha uisce agus déanfar an dearadh, soláthar acmhainní agus athbhreithniú maidir le beartais agus bearta oiriúnaithe a bhaineann le huisce a threorú leis. Is ionann a fhorbairt agus tiomantas den Phlean Bainistíochta Abhantrach d’Éirinn 2018 – 2021, agus beidh tionchar suntasach aige ar Phlean Bainistíochta Abhantrach 2022 – 2027 tríú timthriall na hÉireann, a gcuirfear tús le hobair air níos déanaí i mbliana.

Déantar an Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide a threorú ag Creat Oiriúnaithe Náisiúnta an Rialtais, lena leagtar amach an cuspóir den aistriú go geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050.

Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh againn?

Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid measúnú críochnúil ar rioscaí agus ar leochaileachtaí príomhúla ár n-earnála uisce agus ár gcomhshaoil uiscigh maidir leis an athrú aeráide, agus go n-oibrímid chun a áirithiú go ndéantar bearta oiriúnaithe um athrú aeráide a phríomhshruthú i gceapadh beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil uile. Is gné ríthábhachtach iad dearcthaí an phobail chun a áirithiú go soláthraítear Plean stóinseach agus cuimsitheach críochnaithe.

Dá bhrí sin is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara uile chun a gcuid dearcthaí a thabhairt maidir leis an Dréachtphlean le linn an phróisis chomhairliúcháin 6 seachtaine seo.

Dúnfar an comhairliúchán seo Dé hAoine, 12 Iúil 2019.

Conas is féidir a bheith páirteach ann?

Iarrtar ort do chuid aighneachtaí, tuairimí agus barúlacha a sheoladh go díreach chugainn mar ríomhphost chuig: rbmp@housing.gov.ie

Nó más fearr leat é, is féidir leat iad a chur sa phost chugainn chuig:

Comhairliúchán um Athrú Aeráide

An tAonad Comhairleach Uisce

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn a dhéanamh tráth nach déanaí ná Dé hAoine 12 Iúil 2019

Cáipéisí

Dréachtphlean um Oiriúnú Earnála: Cáilíocht an Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce
Amharc amharc
Ráiteas Príobháideachais Dréachtphlean um Oiriúnú Earnála
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a n-eisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007- 2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí freisin.

Ní ceart faisnéis atá pearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d'aighneacht agus glacfar leis go mbeidh an fhaisnéis go léir i d'aighneacht ineisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra?

Cuirfear eolas ar fáil, a bhuí leis na freagraí, chun breis forbartha a dhéanamh ar an bPlean i ndáil le hOiriúnú Earnála d'Athrú Aeráide le haghaidh Bonneagar Cáilíochta Uisce agus Seirbhísí Uisce. Iarrtar ort a thabhairt faoi deara go bhféadfar aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. In aon chás, beidh na haighneachtaí go léir a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Féach freisin an Ráiteas Príobháideachais faoin nasc Cáipéisí thuas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat