Comhairliúchán Poiblí faoin Ráiteas Tionchair Natura ar Phlean Bainistíochta Abhantraí an Tríú Timthrialla
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Bealtaine 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 24 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
Tá Ráiteas Tionchair Natura Phlean Bainistíochta Abhantraí an Tríú Timthrialla d'Éirinn 2022-2027, foilsithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, TD, chun críche comhairliúcháin.
Is príomhghealltanas é i gClár an Rialtais, Plean Bainistíochta Abhantraí treisithe nua a sheoladh chabhróidh le hÉirinn a timpeallacht uisce a chosaint, a fheabhsú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe idir seo agus 2027. Tá sé riachtanach dea-cháilíocht an uisce inár n-aibhneacha, lochanna, inbhir agus farraigí a chinntiú ar mhaithe le foinsí uisce óil, timpeallacht agus caighdeán beatha phobal na hÉireann a chosaint. Cuirtear an plean i dtoll a chéile mar chuid de chur chun feidhme Chreat treoir Uisce (WFD) an AE. Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí a bhain leis an Dréachtphlean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn 2022-2027 idir an 27 Meán Fómhair 2021 agus an 31 Márta 2022. I ndiaidh breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí, na barúlacha agus na tuairimí a fuarthas i rith na céime sin, ullmhaíodh Plean Bainistíochta Abhantraí an Tríú Timthrialla (Plean Gníomhaíochta Uisce 2024).
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná dearcthaí an phobail faoi Ráiteas Tionchair Natura an Phlean atá curtha i gcrích a lorg. Tabharfaidh foireann Aonad um Measúnú Éiceolaíoch na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta aird ar aon aighneacht nó tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí. I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na freagairtí, cuirfidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch cinneadh faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 42A de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh. 293 de 2021)
Tá Measúnacht Chuí á déanamh ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta Uisce 2024 ag foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch, mar a cheanglaítear faoi Rialachán 42 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021. Tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh de réir Rialachán 42(13) de na Rialacháin seo. Tabharfaidh foireann Aonad um Measúnú Éiceolaíoch aird ar aon aighneacht nó ar aon tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí agus féadfar cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin go mbeidh nó nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag an bplean ar shláine láithreáin Eorpaigh.
Conas páirt a ghlacadh
Tá cuireadh á thabhairt ag an Aire anois do bhaill den phobal chun aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí a roinnt maidir leis an Ráiteas Tionchair Natura i rith na tréimhse idir Dé Máirt, 28 Bealtaine 2024 agus 5pm Dé Luain 24 Meitheamh 2024.
Tá cóip de:
- Plean Gníomhaíochta Uisce 2024: Plean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn
- Ráiteas Tionchair Natura
- Ráiteas Príobháideachais
le fáil ar líne don phobal lena scrúdú agus ag 90 Sráid an Rí Thuaidh (Margadh na Feirme), oifigí na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Baile Átha Cliath 7, i rith uaireanta oifige (9.15 - 5.30pm, Luan - Déardaoin agus 9.15am - 5.15pm ar an Aoine, seachas ar laethanta saoire poiblí) i rith na tréimhse ónDé Máirt, 28 Bealtaine 2024 agus 5pm Dé Luain 24 Meitheamh 2024.
Más mian leat féachaint ar na doiciméid, i láthair go pearsanta, sna hoifigí, seol ríomhphost chuig eau@npws.gov.ie nó glaoigh ar an uimhir (01) 888 2052 agus tagair don chomhairliúchán ionas gur féidir leat coinne a dhéanamh.
Aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann le Ráiteas Tionchair Natura Dhréachtphlean Gníomhaíochta Uisce 2024
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an Ráiteas Tionchair Natura a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist eau@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Ceannasaí an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch
Seomra 2.23 An tAonad um Measúnú Éiceolaíoch
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
90 Sráid an Rí Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath D07 N7CV.
Breithneoidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na haighneachtaí seo agus déanfar cinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021.
Tabhair do d'aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh faisnéise le fáil i Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoi nasc na nDoiciméad.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a nochta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, (SF), 2014, agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d'aighneacht (seachas d'ainm agus do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá le fáil i d'aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair faoi deara, gur féidir gach aighneacht agus breathnóireacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach ar an Ráiteas Príobháideachais thíos freisin.
Breithneofar aighneachtaí agus tuairimí nuair a bheidh críoch á cur leis an bplean agus leis na measúnachtaí gaolmhara, mar atá mínithe thuas