English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Dobharlaigh Bhunathraithe a Ainmniú do Phlean Bainistíochta Abhantraí tríú timthriall na hÉireann

Consultation is open

Fáiltíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta roimh aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí maidir le Dobharlaigh Bhunathraithe a Ainmniú do Phleananna Bainistíochta Abhantraí Tríú Timthriall na hÉireann.


Cén fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí an phobail a lorg maidir le hainmniú dhobharlaigh na hÉireann atá bunathraithe. Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoi chomhairliúchán roimhe seo in 2022, agus féachann an comhairliúchán reatha seo le tuairimí a bhailiú maidir leis na céimeanna ainmniúcháin deiridh. Mairfidh an comhairliúchán poiblí seo go dtí an 23 Bealtaine 2025.


Conas páirt a ghlacadh

Chun cabhrú leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh, dréachtaíodh doiciméad gearr chun míniú a thabhairt ar an bpróiseas a bhaineann le hainmniú dobharlach atá bunathraithe. Tá liosta de dhobharlaigh a d’fhéadfadh a bheith bunathraithe agus na cúiseanna atá taobh thiar dá n-ainmniú leagtha amach mar aon leis an gCreat-Treoir Uisce 2016-2021 Stádas Éiceolaíochta na ndobharlach iarrthóra. Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha sin trí chliceáil ar na naisc sa chuid dar teideal ‘Doiciméid’.

Is féidir d’aighneachtaí, lena n-áirítear barúlacha nó tuairimí, a sheoladh go díreach chugainn ag: wau@housing.gov.ie

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí scríofa freisin, agus is féidir iad a sheoladh chuig:

An tAonad Comhairleach Uisce, Comhairliúchán Dobharlach Bunathraithe

Seoladh: An Roinn Tithíochta,

Rialtais Áitiúil & Oidhreachta,

Teach an Chustaim,

D01 W6X0

Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó tuairimí scríofa a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5:00pm, an 23 Bealtaine 2025.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfar gach aighneacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach téarmaí agus coinníollacha an chomhairliúcháin faoin rannán ‘Doiciméid’ le haghaidh tuilleadh faisnéise.


Cáipéisí

Appendix 1 HMWB Candidates
HMWB Candidates
Download link for Íoslódáil

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir a scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014.Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Seachas d’ainm agus do shonraí teagmhála, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht. Toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra

Úsáidfear an fhaisnéis a chuirfidh freagróirí ar fáil chun liosta na nDobharlach Bunathraithe don Phlean Bainistíochta Abhantraí tríú timthriall 2022-2027 a athbhreithniú agus a chomhlánú.

Tabhair faoi deara:

Cuirfear aighneachtaí agus barúlacha a gheofar ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, faoi réir na rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi réir reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach ar na téarmaí agus na coinníollacha faoi na naisc Doiciméid thuas freisin.