Comhairliúchán poiblí maidir le hathbhreithniú agus nuashonrú ar Reachtaíocht Fhiadhúlra
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Meitheamh 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 13 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2024
Consultation is closed
Cúlra
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair chun reachtaíocht fhiadhúlra a athbhreithniú agus a nuashonrú.
Áirítear leis seo:
- an tAcht um Fhiadhúlra 1976
- an tAcht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000
- Rialachán na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011
- rialacháin ghaolmhara eile.
Cumhdaítear leis an reachtaíocht sin réimsí amhail cosaint éan, cosaint ainmhithe fiáine áirithe, agus cosaint tailte, láithreán agus gnáthóga áirithe.
Is athbhreithniú cuimsitheach agus tionscadal ilbhliantúil é sin, a dhéanfar i roinnt céimeanna. Scrúdófar leis éifeachtacht na reachtaíochta a mhéid a chosnaítear an fiadhúlra, a choisctear caillteanas na bithéagsúlachta, agus a rialaítear gníomhaíochtaí a bhfuil drochthionchar acu ar an bhfiadhúlra agus ar an mbithéagsúlacht léi. Ar an gcaoi sin, féachtar leis cothromaíocht a aimsiú idir riachtanais daoine agus riachtanais an fhiadhúlra. Féachtar leis freisin a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na hÉireann faoin Treoir maidir le hÉin ón AE, an Treoir maidir le Gnáthóga Nádúrtha ón AE agus treoracha agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha eile.
Is í an chúis leis an nuashonrú ar an reachtaíocht ná a áirithiú go bhfuil sí níos éifeachtaí don fhiadhúlra, don bhithéagsúlacht, don phobal, agus dóibh siúd a chuireann i bhfeidhm í agus a bhíonn ag idirghníomhú léi. Díreofar go príomha i gcéad chéim an nuashonraithe ar an reachtaíocht ar ionchúiseamh coireachta fiadhúlra a neartú agus ar aghaidh a thabhairt ar aon aimhrialtachtaí reachtúla. Mairfidh an tionscadal ar feadh roinnt blianta, agus táthar ag súil go bhfoilseofar dhá Bhille um Fhiadhúlra nua agus roinnt Ionstraimí Reachtúla nua de dhroim na hoibre sin.
Aithnítear sa Roinn an tábhacht a bhaineann le comhairliúchán agus is mian léi an próiseas lena ndéantar athbhreithniú ar reachtaíocht fhiadhúlra a dhéanamh chomh hoscailte agus chomh trédhearcach agus is féidir trí chead a thabhairt do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach ann.
Iarrtar ar dhaoine den phobal agus ar gach páirtí leasmhar aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an athbhreithniú agus an nuashonrú ar an reachtaíocht fhiadhúlra. Bainfear úsáid as an ionchur a fhaightear chun forbairt an athbhreithnithe ar reachtaíocht fhiadhúlra na hÉireann a threorú agus a mhúnlú.
Is í sin céad chéim an chomhairliúcháin phoiblí. Sa chéim sin, iarrtar ar dhearcthaí ar an tionscadal foriomlán. De réir mar a thagann moltaí chun cinn, eagrófar céimeanna breise comhairliúcháin phoiblí.
Conas páirt a ghlacadh
Iarrann an Roinn ar dhaoine den phobal, grúpaí agus eagraíochtaí aighneachtaí a dhéanamh ar an athbhreithniú agus an nuashonrú ar na hAchtanna um Fhiadhúlra agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011 agus Ionstraimí Reachtúla gaolmhara.
Tá naisc chuig faisnéis ar cad a sholáthrófar faoin dlí leis na príomhphíosaí reachtaíochta fiadhúlra sin ar fáil sa threoirdhoiciméad.
Ní ghlacfar le haighneachtaí mura mbeidh ainm leo nó i gcás go mbeidh ainm, seoladh, agus uimhir teagmhála in easnamh.
Tabhair do d’aire go bhfoilseofar gach aighneacht a fhaightear ar shuíomh gréasáin na roinne.Folófar aon fhaisnéis phearsanta agus aitheantais roimh fhoilsiú ar an suíomh gréasáin.
Déan athbhreithniú ar alt 5 agus ar an ráiteas príobháideachais thíos, le do thoil, roimh aighneacht a dhéanamh.
Más mian leat aighneacht a dhéanamh, tá dhá bhealach chun bheith rannpháirteach:
- seol aon bharúlacha le rphost chuig: wildlifelegislationreview@npws.gov.ie
- seol barúlacha leis an bpost chuig:
Aonad Treorach, Reachtaíochta agus Athbhreithnithe ar Reachtaíocht Fhiadhúlra, Dara hÚrlár,
an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,
an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
90 Sráid an Rí Thuaidh,
Baile Átha Cliath 7, D07 N7CV.
Is é Dé hAoine 13 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí.
Más mian leat, tráth ar bith, d’aighneacht a tharraingt siar, déan teagmháil, le do thoil, le wildlifelegislationreview@npws.gov.ie
Sonraí an chomhairliúcháin
Tugtar achoimre sa threoirdhoiciméad ar mhionsonraí na reachtaíochta a chumhdaítear agus nach gcumhdaítear mar chuid den athbhreithniú sin. Leagtar amach ann freisin roinnt ceisteanna go mb’fhéidir gur mian leat a mheas agus d’aighneacht á déanamh agat. Moltar go tréan go ndéanann tú athbhreithniú ar an treoirdhoiciméad sin chun cabhrú leat d’aighneacht a dhéanamh.
Ba chóir nach mbeadh níos mó ná 5,000 focal i d’aighneacht. Ní dhéanfar aighneachtaí a sháróidh an teorann sin a mheas.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra agus na chéad chéimeanna eile
Déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar gach aighneacht a gheofar. Úsáidfear an fhaisnéis a sholáthróidh freagróirí chun forbairt an athbhreithnithe ar an reachtaíocht fhiadhúlra a threorú agus a mhúnlú.
Nuair a bheidh an comhairliúchán poiblí dúnta agus anailís déanta ar na freagraí, déanfar cinneadh maidir le beartas do na réimsí atá le nuashonrú.
Maidir leis na hAchtanna um Fhiadhúlra, bheadh an Roinn ag súil le scéim ghinearálta an chéad Bhille a thabhairt chun críche agus a chur faoi bhráid an Rialtais lena formheas in 2025. Tar éis formheas ón Rialtas a fháil, foilseofar Dréacht-Cheannasaí an chéad Bhille, ina mbeidh creat ginearálta an chéad Bhille, ar shuíomh gréasáin na roinne. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis na moltaí ar leith a bheidh ann. Oibreoidh an Roinn ansin le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a ullmhú lena thabhairt isteach san Oireachtas.
Táthar ag súil sa Roinn go bhfoilseofar dara Bille in am trátha, de réir próiseas cosúil.
Maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011, táthar ag súil go ndéanfar na Rialacháin sin a nuashonrú de réir a chéile agus go dtabharfar na céad nuashonraithe ar aghaidh in 2025 le roinnt leasaithe breise ina dhiaidh sin.
Téarmaí agus coinníollacha
Mar a luadh roimhe seo, foilseofar gach aighneacht a gheofar ar shuíomh gréasáin na roinne. Folófar aon fhaisnéis phearsanta agus aitheantais roimh fhoilsiú ar an suíomh gréasáin.
D’fhéadfaí na haighneachtaí agus na barúlacha uile a chuirfear faoi bhráid na roinne chun na críche sin a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014.
Níor chóir faisnéis phearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh tráchtála de a chur i gcorp na haighneachta.
Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí. Is féidir amharc ar ráiteas príobháideachais na roinne faoi bhun.