English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Measúnú Tionchair Timpeallachta Trasteorann (MTT) – Forbairt Sócmhainní Tarchurtha Amach ón gCósta de chuid Fheirmeacha Gaoithe Morgan agus Morecambe, lonnaithe i Muir Éireann

Consultation is closed


Achoimre

Ar an 20 Meán Fómhair 2023, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, ráiteas scagtha MTT trasteorann maidir le Forbairt Sócmhainní Tarchurtha Feirmeacha Gaoithe Amach ón gCósta de chuid Morgan agus Morecambe atá beartaithe, a rinneadh thar ceann Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe ag an gcéim réamhiarratais. Leis an bpróiseas scagtha trasteorann, aimsíodh saincheisteanna trasteorann féideartha d’Éirinn a bhaineann le tionchair ar iascaireacht tráchtála, éisc agus sliogéisc, mamaigh mhuirí agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.

Ina dhiaidh sin, ar an 15 Eanáir 2025, scríobh Cigireacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (PINS) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann toisc gur ghlac an tÚdarás Scrúdúcháin leis an iarratas pleanála don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 – 2024.

Chomh maith leis sin, i ndiaidh glacadh leis an iarratas pleanála rinneadh an dara scagadh trasteorann ar an 15 Eanáir 2025. Leis an bpróiseas scagtha trasteorann, aimsíodh fadhbanna trasteorann féideartha d’Éirinn maidir leis na tionchair a bheadh aige ar mhamaigh mhuirí, iascaireacht tráchtála agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.


Cén fáth a bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”) 1991, tá sé de cheangal ar Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán trasteorann, lena n-áirítear comhairliúchán leis an bpobal, maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stát in aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt bheartaithe. Chun na críche sin, ceanglaítear ar an Stát trasteorann a mbeartaítear an tionscadal a chur i gcrích ina chríoch cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litreach fógra dar dáta an 15 Eanáir 2025 ó PINS, maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha d’Fhorbairt Sócmhainní Tarchurtha Feirmeacha Gaoithe Amach ón gCósta de chuid Morgan agus Morecambe atá beartaithe agus atá anois ag an gcéim réamhscrúdaithe dá bpróiseas ordaithe toilithe forbartha.

Is éard atá san fhorbairt bheartaithe (ach gan a bheith teoranta dóibh) ná tógáil, oibriú agus cothabháil agus díchoimisiúnú na sócmhainní tarchurtha is gá chun onnmhairiú leictreachais ó Thionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Morgan agus ó Fheirm Ghaoithe Amach ón gCósta Morecambe araon a chumasú trí chonairí comhroinnte cáblaí onnmhairiúcháin amach ón gcósta agus ar tír chuig an bpointe nasctha Eangaí Náisiúnta in Penwortham, Lancashire.

Tá cinneadh déanta ag Státrúnaí na RA go bhfuil gá le measúnú tionchair timpeallachta don fhorbairt atá beartaithe agus, dá bhrí sin, tá scagadh trasteorann MTT déanta acu. Cinneadh sa ghníomh scagtha tosaigh trasteorann go bhféadfadh tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith ag an bhforbairt bheartaithe in Éirinn lena n-áirítear tionchair shuntasacha ar iascaireacht tráchtála, éisc agus sliogéisc, mamaigh mhuirí agus loingseoireacht agus stiúradh loinge. Thángthas ar an gconclúid sa dara scagadh trasteorann go bhféadfadh tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith ar iascaireacht tráchtála, mamaigh mhuirí agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.


Measúnú Scagtha

Sa litir dar dáta an 15 Eanáir 2025, tugtar sonraí faoin áit ar féidir tuilleadh faisnéise faoin bhforbairt bheartaithe a fháil ar shuíomh gréasáin PINS – féach freisin an nasc a sholáthraítear faoi ‘Conas páirt a ghlacadh’ thíos


Conas Páirt a Ghlacadh

Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear cáipéisíocht bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha an PINS, ar fáil ar a shuíomh gréasáin ag:

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN020032

Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar an tairseach comhairliúcháin phoiblí de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ó PINS a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus naisc a bhaineann leis atá curtha ar fáil ag PINS don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.

Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanála do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.

Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údaráis áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.


Aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a chur in iúl go díreach chuig Cigireacht Phleanála na RA ag MorganandMorecambeowfta@planninginspectorate.gov.uk


Spriocdhátaí le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí

Tá an tréimhse comhairliúcháin phoiblí oscailte ón 28 Feabhra 2025. Is é deireadh ama scoir gnó an 11 Aibreán 2025 ar a dhéanaí an spriocdháta chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.


Cáipéisí

Tá cáipéisí ar fáil trí Thairseach Shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.


Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin

Cuirtear aighneachtaí go díreach chuig an CPRA, mar sin ní bheidh aighneachtaí á bhfáil ag an Roinn ná ag aon údarás pleanála. Déanfar athbhreithniú ar aighneachtaí óna thaobh, agus is féidir téarmaí agus coinníollacha agus tuilleadh eolais ar a phróisis a fháil ar a shuíomh gréasáin.

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN020032


Sonraí teagmhála d’aighneachtaí nó tuairimí

Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a chur chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin

An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,

Bloc 4, Urlár 3, Oifigí na Cathrach,

An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8

T: 01-2223108 R: greg.bryan@dublincity.ie