English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 3: Clár na mBeart (faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)

Consultation is closed


Achoimre

Tugann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cuireadh pointí léargais, tuisceana agus tuairimíochta a chur faoi bhráid maidir le Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 3: Clár na mBeart, faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (MSFD, 2008/56/CE), a thabhairt faoi athbhreithniú agus a leasú.

Beidh Clár na mBeart a dhéanfaidh Éire faoin MSFD á chur le chéile i rith na bliana 2022 ionas gur féidir a chinntiú go mbíonn uiscí mara na hÉireann glan, folláin, iléagsúil ó thaobh na bitheolaíochta agus inmharthana ó thaobh a saothraithe.


An chúis atá leis an mbeart comhairliúcháin seo

Is cuid de stair na tíre, de gheilleagar na tíre agus de mhodh maireachtála mhuintir na hÉireann an fharraige inár dtimpeall. Bítear ag brath ar an bhfarraige maidir le soláthar bia, maidir le rialú na haeráide, maidir le fuinneamh agus amh-ábhar, mar áis caitheamh aimsire, mar spreagadh agus mar bhonn faoi phoist. Maireann réimse forleathan ann den bhithéagsúlacht mara agus tá tábhacht domhanda leis na treibheanna de speicis éagsúla mara a mhaireann san fharraige timpeall na hÉireann.

Is léir an fhianaise. Tá lucht na heolaíochta ar fud an domhain ar an gcomhairle go bhfuil dea-bhail na farraige, Tuaisceart an Atlantaigh san áireamh, i mbaol agus gur gá beart ina leith chun dul i ngleic le meath na bithéagsúlachta agus le feidhmiú na n-éiceachóras mara.

Ar na réimsí dúshláin atá le sárú, áirítear:

  • truailliú
  • róshaothrú na n-acmhainní beo
  • seachghabháil theagmhasach
  • speicis neamhdhúchais
  • torann faoi uisce
  • damáiste do ghrinneall na farraige.

Tá bruscar mara, ábhar micreaphlaistigh san áireamh, ina thubaiste maidir leis an bhfarraige agus ina chur isteach mór ar thimpeallacht na mara.

Tarraingíonn an t-athrú aeráide freisin athruithe bunúsacha, ar dócha gur doleigheasta iad, ar an bhfarraige. Áirítear ar na hathruithe sin téamh na farraige, ardú ar leibhéal na farraige agus meath ocsaigine. Fágann ardú ar leibhéal dé-ocsaíde carbóin freisin gur ardú ar leibhéal aigéadachta na farraige.

Is í an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (MSFD) an sásra trína ndéanann Ballstáit an AE polasaithe maidir le timpeallacht na mara a leagan síos agus, i measc nithe eile, gníomhartha a dhéanamh chun dul i ngleic leis na réimsí deacrachta agus timpeallacht mara a thabhairt i gcrích atá glan, folláin, iléagsúil ó thaobh na bitheolaíochta agus inmharthana. Dea-stádas comhshaoil a thugtar air sin faoin Treoir féin (GES).

Is bunghné den obair chun an aidhm maidir le dea-stádas comhshaoil a thabhairt i gcrích go gcinnteofaí deis ag páirtithe ar ábhar spéise dóibh é (an pobal, geallsealbhóirí, earnálacha mara agus eile) páirt a ghlacadh sa phróiseas. Is cuid den rannpháirtíocht an beart comhairliúcháin seo lena ndírítear go sonrach ar na bearta atá i gceist ag Éirinn a chur i bhfeidhm d'fhonn dea-stádas comhshaoil a thabhairt i gcrích.

Rinneadh leasú sa bhliain 2020 ar spriocanna timpeallachta na hÉireann ón gcuid a leagadh amach sa bhliain 2013 i ndáil leis an tuiscint a bheadh ar dhea-bhail i gcás na farraige (féach na cáipéisí cúlra thíos). Is d'fhonn na spriocanna sin a shásamh a leagtar amach an réimse gníomhartha (ar a dtugtar Clár na mBeart (CB) faoin gcóras feidhmiúcháin) atá i gceist a chur i bhfeidhm i gcás na hÉireann.

Is cuid na spriocanna timpeallachta seo den Chreat Náisiúnta maidir le Pleanáil Mara agus tá de chuspóir lena chur sin i bhfeidhm go gcinnteofaí beartaíocht an duine a bheith ar leibhéal inmharthana agus cosaint á thabhairt don éiceachóras.

Beart amháin atá dlite go sonrach faoin Treoir is ea Limistéir Mhuirí faoi Chosaint (LMC) a thabhairt chun cinn. Tá reachtaíocht faoi leith d'fhonn limistéir LMC a thabhairt chun suntais, a ainmniú agus a bhainistiú i gcomhréir le dualgais náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann á réiteach. Tá eolas faoi chóras LMC na hÉireann a thabhairt chun cinn ar fáil anseo.

Tá comhairliúchán á eagrú maidir leis an leasú ar Chlár na mBeart ionas go dtugtar deis do pháirtithe ar spéis leo sin bearta nua a chur chun tosaigh maidir le dea-bhail fharraigí na hÉireann a chothú agus a fheabhsú.


Cad é Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 3: Clár na mBeart?

Sa bhliain 2016, leagadh amach an chéad chlár CB de chuid na hÉireann. Luaitear sa CB tionscnaimh faoi leith d'fhonn a chinntiú go mbaintear amach na spriocanna comhshaoil maidir le Limistéar Muirí na hÉireann. Tá tús á chur anois le hathbhreithniú na hÉireann ar na bearta sin. Tiocfaidh san áireamh leis an athbhreithniú na bearta reatha a mheasúnú agus bearta nua a leagan amach.

Tá an Straitéis Mhuirí Cuid 2 bunaithe ar na creatbheartais atá ar bun cheana féin agus ar na bearta a eascraíonn uathu sin. Dá réir sin, tá mórchuid CB na mballstát go léir bunaithe ar bhearta éagsúla atá i bhfeidhm cheana féin faoi réimsí eile reachtaíochta. Mar shampla, ní mór liosta a chur ar fáil de na cóid ar fad a ghabhann le bearta faoin Treoir Réime maidir le hUisce an tráth a mbíonn tuairisc á thabhairt ar na bearta ar fad a bhaineann le hábhar a thagann faoin Treoir sin.

Sa chás go dtugtar chun suntais nach leor na bearta a shonraítear, bítear ag tnúth go leagann an ballstát bearta breise amach. Éilítear ar na ballstáit an CB a leasú i mbliana mar chuid den chéim deiridh de shraith 2.


Páirt a ghlacadh sa chúram

Tugtar cuireadh do pháirtithe ar spéis leo sin (duine aonair nó grúpa) tuairimí a thabhairt agus aighneachtaí a chur faoi bhráid maidir leis an athbhreithniú ar Chlár na mBeart. Chun páirt a ghlacadh sa chúram, baintear úsáid as brabhsálaí de chineál Chrome/Edge/Safari/Firefox chun an suirbhé ar líne a líonadh isteach agus a chur faoi bhráid (Ní móide go bhfeidhmeodh an suirbhé mar ba cheart ar Internet Explorer).

an suirbhé ar líne ar fáil anseo.

D'fhonn cuidiú leat maidir le d'aighneacht, tá cáipéis comhairliúcháin ar fáil faoin gceannteideal 'Cáipéisí' thíos, ina bhfuil bileoga fíricí maidir le gach ábhar tuairisce. Cuirtear tuarascáil na hÉireann faoi Airteagail 8, 9 agus 10 faoin measúnú i ndáil le dea-stádas comhshaoil ar fáil chomh maith.

Ní gá duit freagra a thabhairt i ndáil le gach ceist comhairliúcháin. Más le réimse faoi leith a bhaineann do chuid spéise, tá lánchead agat freagra a lua i ndáil leis an ábhar sin amháin.

Ní mór gach aighneacht a chur faoi bhráid faoin 5 i.n., Dé hAoine, an 20 Bealtaine 2022.

Tugtar chun aire nach luaitear ainm in áit ar bith leis an suirbhé agus gur féidir é a shábháil agus a stóráil go sealadach sula ndéantar é a líonadh isteach agus a chur faoi bhráid ar líne.

Sa chás nach féidir leat an suirbhé a úsáid ar líne, is féidir leat an fhoirm líonta a sheoladh ar an ríomhphost. Is féidir leat freisin lón léargais, tuairimí nó ábhar eile a sheoladh ach úsáid a bhaint as na sonraí comhfhreagrais thíos:

Ríomhphost: marine.env@housing.gov.ie


Cáipéisí

Comhairliúchán Poiblí maidir le Straitéis Mhuirí na hÉireann Cuid 3 - Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc
Public Consultation Background Document on Ireland’s Marine Strategy Part 3: Programme of Measures
Amharc amharc
Marine Strategy Framework Directive (2008/56/EC) - Article 17 Update to Ireland's Marine Strategy Part 2: Monitoring Programme (Article 11)
Amharc amharc
Marine Strategy Framework Directive 2008/56/EC - Draft Article 17 - update to Ireland’s Marine Strategy Part 1: Assessment (Article 8), Determination of Good Environmental Status (Article 9) and Environmental Targets (Article 10)
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Tagann gach tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne faoi réir ag a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2014. Tagann na tuairimí freisin faoi réir ag an reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Féach an ráiteas príobháideachais a luaitear faoi alt na gcáipéisí maidir le heolas níos mine.