English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le tabhairt isteach Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bonneagar Fisiciúil Tógála do Chumarsáid Leictreonach Ardluais), 2023

Consultation is closed

D'fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, T.D., comhairliúchán poiblí maidir lena rún Rialacháin an Aontais Eorpaigh (bonneagar fisiciúil a thógáil le haghaidh cumarsáid leictreonach ardluais) 2023 a thabhairt isteach.

Tá Measúnú Tionchair Rialála san áireamh san ábhar comhairliúcháin phoiblí.


An fáth a bhfuilimid ag seoladh Comhairliúchán Poiblí

Tá bonneagar digiteach ardchaighdeáin tábhachtach do bheagnach gach earnáil de gheilleagar nua-aimseartha agus nuálach. Dá bhrí sin, ní mór an deis a bheith ag gach duine a bheith mar chuid den gheilleagar digiteach.

Is aidhm (an Treoir) "Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh a laghdú' feidhmiú céimneach líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais san Aontas a chumasú agus a chur chun cinn. Cé is moite d'Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(2), rinneadh an Treoir a thrasuí cheana féin i ndlí na hÉireann.

Ceanglaítear le hAirteagal 8(1) agus le hAirteagal 8(2) den Treoir ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bonneagar fisiciúil atá réidh le luas i bhfoirgneamh a fheistiú ar fhoirgnimh agus ar fhoirgnimh nua a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu chun suiteáil cáblaí nó feistí gan sreang amach anseo a éascú a bheidh in ann luasanna leathanbhanda níos mó ná 30 meigighiotán in aghaidh an tsoicind a sholáthar.

Chun na ceanglais sin d'Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(2) den Treoir a thrasuí, tá sé beartaithe Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bonneagar Fisiciúil Tógála do Chumarsáid Leictreonach Ardluais) 2023 a thabhairt isteach.

Foilseofar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bonneagar Fisiciúil Tógála do Chumarsáid Leictreonach Ardluais) 2023 Treoir Theicniúil chun dul leis na Rialacháin a léiríonn conas is féidir ceanglais na Rialachán a bhaint amach go praiticiúil.


Conas a bheith páirteach

Ba cheart aighneachtaí ginearálta agus barúlacha maidir leis na Rialacháin atá beartaithe nó dréachtcháipéisí Treorach Teicniúla a sheoladh trí ríomhphost chuig climateaction@housing.gov.ie

Ní déanaí ná 5:00 i.n. 26 lúil an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí agus tuairimí.


Doiciméid

Dréacht de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Bonneagar Fisiciúil Tógála do Chumarsáid Leictreonach Ardluais), 2023
Amharc amharc
Anailís Tionchair Rialála
Amharc amharc
Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc
In-Building Physical Infrastructure for High-Speed Electronic Communications Technical Guidance
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d'aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an Roinn achoimre ar na freagraí a fuarthas a fhoilsiú.