English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Tráthchlár agus Clár Oibre don cheathrú timthriall de Phlean Gníomhaíochta Uisce 2028 – 2033 na hÉireann

Consultation is open

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag fáiltiú roimh aighneachtaí, breathnóireachtaí agus tuairimí maidir leis an tráthchlár agus an clár oibre chun an ceathrú timthriall de Phlean Gníomhaíochta Uisce 2028 – 2033 na hÉireann a fhorbairt.


Cén fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí an phobail a lorg, maidir leis an tráthchlár agus an clár oibre ina leagtar amach na príomhchéimeanna agus na garspriocanna a bhaineann leis an bpróiseas chun ceathrú Plean Gníomhaíochta Uisce na hÉireann a fhorbairt, a fhoilseofar faoi mhí na Nollag 2027.

Is í seo an chéad cheann de thrí chéim chomhairliúcháin phoiblí a bhaineann le forbairt trí bliana an cheathrú timthrialla den Phlean Gníomhaíochta Uisce. Mairfidh gach comhairliúchán poiblí sé mhí. Reáchtálfar an comhairliúchán poiblí go dtí 25Iúil 2025.


Conas páirt a ghlacadh

Fáiltítear roimh bhaill den phobal aighneachtaí, breathnóireachtaí agus tuairimí a roinnt maidir leis an tráthchlár agus an clár oibre d’fhorbairt an cheathrú timthrialla den Phlean Gníomhaíochta Uisce.

Chun cabhrú leat, tá doiciméad ina mínítear cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí agus ina ndéantar cur síos ar chuspóirí an tríú Plean Gníomhaíochta Uisce curtha le chéile. Tá ceistneoir gairid, spriocdhírithe forbartha chun freagairtí ar chuid de na príomhcheisteanna atá againn faoi fhorbairt an chead Phlean Gníomhaíochta Uisce eile a éascú. Cuirfidh na freagairtí ar an gceistneoir seo a fhaighimid ar ár gcumas cinneadh a dhéanamh maidir le tuairim an phobail faoin bPlean Gníomhaíochta Uisce reatha agus faoin leibhéal rannpháirtíochta idir na comhlachtaí feidhmithe agus na páirtithe leasmhara. Chomh maith leis sin, cabhróidh sé linn forbairt an phróisis chomhairliúcháin a mhúnlú ag céimeanna difriúla den Phlean agus treoróidh sé ár measúnú ar rath na mbeart atá curtha i bhfeidhm againn sa Phlean Gníomhaíochta Uisce reatha chun cáilíocht an uisce a fheabhsú.

Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha trí chliceáil ar an nasc sa rannóg dar teideal ‘Doiciméid’.

Is féidir leat do cheistneoir líonta, nó má tá aon aighneacht, breathnóireacht nó tuairim eile agat, a sheoladh chugainn go díreach: rbmp@housing.gov.ie

Is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig:

Water Advisory Unit, Water Action Plan Work Programme Consultation

Seoladh:
Department of Housing, Local Government & Heritage, Custom House, D01 W6X0
Ríomhphost:

rbmp@housing.gov.ie

Tá fáilte roimh pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó tuairimí scríofa a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5:00pm, 25 Iúil 2025.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfar gach aighneacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh eolais le fáil i Ráiteas Príobháideachais an chomhairliúcháin faoin rannóg dar teideal ‘Doiciméid’.


Doiciméid


Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta Cosanta Sonraí freisin.

Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm nó do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an t-eolas ar fad atá le fáil i d’aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra

Úsáidfear an t-eolas a chuireann freagróirí ar fáil chun an ceathrú Plean Gníomhaíochta Uisce a bheachtú agus a chur i gcrích.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirfear aighneachtaí a fuarthas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, faoi réir na rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi réir reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach chomh maith an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil faoi nasc na nDoiciméad thuas.