Comhairliúchán Poiblí maidir leis na Bearta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití (CGN), agus Measúnacht Tionchair Natura gaolmhar
- Foilsithe: 4 Samhain 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Samhain 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 4 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cuireann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien, T.D. fáilte roimh aighneachtaí, tuairimí agus tráchtanna maidir leis an gCúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN) gaolmhar.
Tugtar éifeacht le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2022 (S.I. No. 113 of 2022), arna leasú, do Chlár Gníomhaireachta Níotráití na hÉireann. Tá bearta sonracha sna rialacháin chun uiscí dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaitheach a thagann ó fhoinsí talmhaíochta. Forbraíodh na bearta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití tar éis athbhreithniú eatramhach inar sainaithníodh go mbeadh tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil chun cáilíocht uisce fheabhsaithe a bhaint amach.
Cén fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?
Is é an aidhm atá ag an gcomhairliúchán sin ná meon an phobail a lorg maidir leis na doiciméid seo a leanas:
Bearta Molta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráite
Leagtar amach sa doiciméad seo na bearta molta don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití. Rinne an Sainghrúpa Níotráití athbhreithniú eatramhach ar an gCúigiú CGN. Sainaithníodh san athbhreithniú eatramhach go raibh bearta breise ag teastáil chun feabhsuithe ar cháilíocht uisce a bhaint amach. Chuir an Sainghrúpa Níotráití moltaí maidir leis na bearta breise faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara. Lorg an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara aiseolas ón nGrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir leis an mbeart molta breise. Tá na bearta molta breise scartha in dhá ghrúpa, iad siúd a bhfuil leasuithe de dhíth orthu ar na Rialacháin Dea-Chleachtas Talmhaíochta (DCT) (I.R. 113 de 2022, arna leasú) agus na bearta sin is féidir a chur chun feidhme gan leasuithe rialála.
Ráiteas Tionchair Natura
Ullmhaíodh RTN chun eolas a dhéanamh don phróiseas Measúnachta Cuí (MC) a cheanglaítear faoin Treoir um Ghnáthóga agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011. Déanfaidh an tAonad um Measúnacht Éiceolaíoch (AMÉ) an MC. Is é aidhm fhoriomlán an phróisis MC ná a chinntiú nach bhfuil aon éifeachtaí diúltacha ar an tsláine aon láithreán Eorpach mar thoradh ar na bearta molta breise don Chúigiú CGN maidir lena chuspóirí caomhnuithe agus mionsonraí a thabhairt faoi bhearta maolaithe molta atá ag teastáil chun na héifeachtaí is dócha a bheidh ar Láithreán Eorpach nó éifeachtaí diúltacha ar shláine Láithreáin Eorpaigh a sheachaint, a laghdú nó a dhíothú. Tabharfaidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch aird ar aon aighneacht nó ar aon tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí agus féadfar cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin go mbeidh nó nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag an bplean ar shláine láithreáin Eorpaigh.
Bhí na próisis maidir le RTN atriallach agus tá siad atriallach fós, agus cabhraíonn siad leis na bearta breise don Chúigiú CGN a dhéanamh níos láidre trí bhreithnithe comhshaoil níos leithne a chomhtháthú leis an gclár.
Tabharfar faoi phróiseas comhairliúcháin ceithre seachtaine ar leith don Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus cuirfear tús leis i lár mhí na Samhna.
Conas páirt a ghlacadh
Iarann an tAire ar dhaoine den phobal aighneachtaí, tuairimí agus tráchtanna a chur isteach maidir leis na bearta molta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití, agus Ráiteas Tionchair Natura le linn na tréimhse ón 4 Samhain 2024 go 5pm an 4 Nollaig 2024.
Aighneachtaí, tráchtanna agus tuairimí maidir leis na bearta molta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití
Tá cóip de:
go léir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag Teach an Chustaim le linn uaireanta oifige (9am – 5pm Luan go hAoine, ach amháin saoirí poiblí) le linn thréimhse an chomhairliúcháin.
Má theastaíonn uait na doiciméid sin a fheiceáil i láthair go pearsanta seol ríomhphost le do thoil chuig wau@housing.gov.ie leis an ábhar Comhairliúchán Níotráití chun coinne a dhéanamh.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí ar na bearta molta breise a chur isteach chuig wau@housing.gov.ie leis an ábhar Comhairliúchán Níotráití nó tríd an bpost chuig:
Nitrates Consultation - Water Advisory Unit
- Seoladh:
- Department of Housing Local Government and Heritage Custom House,, Dublin, D01 W6X0
- Ríomhphost:
Aighneachtaí, tráchtanna agus tuairimí maidir le Ráiteas Tionchair Natura do na bearta breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití
Tá cóip de:
- Bearta Molta Breise don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití
- Ráiteas Tionchair Natura
- Ráiteas Príobháideachais
go léir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag 90 Sráid an Rí Thuaidh (Margadh na Feirme) sna hoifigí den tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Baile Átha Cliath 7, le linn uaireanta oifige (9.15 go 5.30pm Luan go Déardaoin agus 9.15am go 5.15pm ar an Aoine, ach amháin saoirí poiblí) le linn thréimhse an chomhairliúcháin.
Más mian leat féachaint ar na doiciméid, i láthair go pearsanta, sna hoifigí, seol ríomhphost chuig eau@npws.gov.ie nó glaoigh ar an uimhir (01) 888 2052 agus tagair don chomhairliúchán ionas gur féidir leat coinne a dhéanamh.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an Ráiteas Tionchair Natura a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist eau@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Head of Ecological Assessment
- Seoladh:
- Room 2.23 Ecological Assessment Unit National Parks and Wildlife Service 90 North King Street Smithfield, D07 N7CV
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 888 2052
Breithneoidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na haighneachtaí seo agus déanfar cinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha),
2011-2021.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfar gach aighneacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh faisnéise le fáil i Ráiteas Príobháideachais an chomhairliúcháin faoi nasc na nDoiciméad.
Téarmaí agus Coinníollacha
D’fhéadfaí na haighneachtaí agus na barúlacha uile a gcuirfear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm nó do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá le fáil i d’aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra
Úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn freagróirí chun na bearta breise a mhionathrú agus a chur i gcrích don Chúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirfear aighneachtaí a fuarthas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, faoi réir na rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi réir reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach chomh maith an Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil faoi nasc na nDoiciméad thuas.