Comhairliúchán Poiblí maidir leis na Dréacht-Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála
- Foilsithe: 31 Lúnasa 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 31 Lúnasa 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 5 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
Consultation is closed
Táimid ag seoladh comhairliúchán poiblí
Tá na Dréacht-Treoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha d’Údaráis Phleanála foilsithe ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD agus an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil, Kieran O'Donnell, TD. Cuirfidh na Treoirlínte, nuair a dhéanfar foilsiú orthu, bun le Treoirlínte Airí faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú.
De réir Treoir (2001/42/CE), Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) an Aontais Eorpaigh agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) Rialacháin 2004, I.R. Uimh. 435 de 2004 (arna leasú le I.R. 200 de 2011), tá na dréacht-treoirlínte ag gabháil le Tuarascáil Timpeallachta MST agus Achoimre Neamh-Theicniúil.
De réir Treoir an Aontais Eorpaigh (92/43/CEE) maidir le Gnáthóga agus maidir le hÉin (2009/147/CE) agus Rialachán 42A (8) na gComhphobail Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) Rialacháin 2011 (arna leasú), tá na dréacht-treoirlínte ag gabháil le Ráiteas Tionchair Natura réitithe trí phróiseas de Mheasúnacht Chuí (MC).
Tá na dréacht-treoirlínte agus an Tuarascáil Timpeallachta MST agus Ráiteas Tionchair Natura bainteach leo ar fáil le haghaidh imscrúdú poiblí faoin roinn de cháipéisí thíos.
Conas a bheith páirteach
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí nó tuairimí maidir leis na dréacht-treoirlínte, an tuarscáil timpeallacht MST agus an Ráiteas Tionchair Natura le linn tréimshe cúig-seachtaine de chomhairliúcháin ón Déardaoin 31ú Lúnasa 2023 go dtí 5i.n. ar an Déardaoin 5ú Deireadh Fómhair 2023 (ionchuimsitheach).
Aighneachtaí agus tuairimí maidir leis na dréacht-treoirlínte agus / nó an tuarascáil timpeallachta MST
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a roinnt maidir leis na dréacht-treoirlínte agus / nó an tuarascáil timpeallachta MST trí ríomhphost go nrupconsultation@housing.gov.ie nó sa phost go:
Comhairliúchán ar Threoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha
An Rannóg Pleanála Náisiúnta, Réigiúnach agus Uirbeach
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0.
Cuirfear aighneachtaí agus tuairimí ón tréimhse comhairliúcháin san áireamh agus na Dréacht-Treoirlínte á dtabhairt chun críche.
Aighneachtaí agus tuairimí leis Ráiteas Tionchair Natura
Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí maidir leis Ráiteas Tionchair Natura a sheoladh díreach go dtí Aonad Measúnachta Timpeallacht (AMT) an tSeirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra trí ríomhphost a sheoladh chuig EAU@npws.gov.ie nó sa phost go:
Comhairliúchán ar Threoirlínte maidir le Lonnaíochtaí Inbhuanaithe agus Dlútha
Ráiteas Tionchair Natura
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
90 Sráid an Rí Thuaidh
Margadh na Feirme, Átha Cliath 7
D07 N7CV.
An dáta deiridh do fhreagairtí maidir leis an gcomhairliúchán is ea 5i.n. ar an Déardaoin 5ú Deireadh Fómhair 2023.
Cuirfear aighneachtaí agus tuairimí ón tréimhse comhairliúcháin san áireamh agus an tuarascáil an AMT maidir le cinneadh ar an Measúnacht Chuí/Ráiteas Tionchair Natura á dtabhairt chun críche, de bhun Alt 42A (11) de Rialacháin na n-Éin is na nGnáthóga (2021).
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí faighte a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach ar Ráiteas Príobháideachais an chomhairliúcháin faoin nas Cáipéisí le haghaidh breis eolais.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá aon aighneachtaí nó tráchtaí aighnithe don Roinn maidir leis an ábhar seo faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) Rialacháin 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d'aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh aon aighneachtaí faighte faoi réir na forálacha ag baint leis an Acht um Shaoráil Faisnéise agus reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Féach thíos ar an Ráiteas Príobháideachais chomh maith.