English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí Measúnachta Tionchair Timpeallachta Trasteorann (MTT) – Tionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Morgan, lonnaithe i Muir Éireann tuairim is 22.3km ó Mhanainn agus 36.3km ó chósta thiar thuaidh Shasana

Consultation is closed


Achoimre

Ar an 10 Deireadh Fómhair 2022, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, ráiteas scagtha MTT trasteorann maidir le Tionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Morgan atá beartaithe, a rinneadh thar ceann Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe ag an gcéim réamhiarratais. D’aimsigh an próiseas scagtha trasteorann fadhbanna trasteorann féideartha d’Éirinn maidir leis na tionchair a bheadh aige ar mhamaigh mhuirí, iascaireacht tráchtála agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.

Ina dhiaidh sin, ar an 3 Iúil 2024, scríobh Cigireacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (PINS) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann toisc gur ghlac an tÚdarás Scrúdúcháin le scrúdú a dhéanamh ar an iarratas pleanála don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 – 2024.

Ina theannta sin, tar éis glacadh leis an iarratas ar an Ordú Toilithe Forbartha a scrúdú, rinneadh athscagadh ar an togra sin ar 3 Iúil 2024 le haghaidh éifeachtaí trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann, agus sainaithníodh sa phróiseas scagtha trasteorann sin saincheisteanna trasteorann suntasacha féideartha d’Éirinn maidir le tionchair ar loingseoireacht.


Cén fáth a dtabharfar faoin gcomhairliúchán seo?

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”) 1991, tá sé de cheangal ar Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán trasteorann, lena n-áirítear le daoine den phobal, maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stát in aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta forbartha beartaithe. Chun na críche sin, tá sé de cheangal ar an Stát trasteorann a bhfuil an tionscadal beartaithe á dhéanamh ina chríocha cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litir fógra dar dháta 3 Iúil 2024 ó PINS, maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha do Thionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Morgan atá beartaithe agus atá anois ag an gcéim réamhscrúdaithe dá bpróiseas ordaithe toilithe forbartha.

Mar chuid den fhorbairt bheartaithe, tá (ach gan a bheith teoranta dó sin) feirm ghaoithe amach ón gcósta lonnaithe tuairim is 22.3km ó Mhanainn agus 36.3km ó chósta thiar thuaidh Shasana agus an bonneagar tarchurtha bainteach a shíneann thar 322.2km2.

Tá sé socraithe ag Rúnaí Stáit na RA go dteastaíonn measúnú tionchair timpeallachta ar an bhforbairt atá beartaithe, agus dá bhrí sin tá scagadh trasteorann MTT déanta acu. Chinn an gníomh scagtha seo go bhféadfadh tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith ag an bhforbairt bheartaithe in Éirinn. I measc na saincheisteanna trasteorann a scrúdaíodh tá tionchair shuntasacha ar loingseoireacht.


Measúnú Scagtha

Cuireann an litir arna dhátú an 3 Iúil 2024 sonraí ar fáil maidir leis an áit ar féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bhforbairt bheartaithe ar shuíomh gréasáin PINS – féach freisin an nasc atá le fáil faoi "Conas Páirt a Ghlacadh" faoi seo.


Conas Páirt a Ghlacadh

Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear cáipéis bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha PINS, ar fáil ar a shuíomh gréasáin ag:

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010136/documents

Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ón PINS a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus naisc a bhaineann leis atá curtha ar fáil ag an PINS don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.

https://consultation.dublincity.ie/planning/morgan-off-shore-wind-project

Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanála do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.

Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údarás áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.


Aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh go díreach chuig Cigireacht Phleanála RA ag

Morganoffshorewindproject@planninginspectorate.gov.uk


Spriocdhátaí d’aighneachtaí nó tuairimí

Tá an tréimhse comhairliúcháin phoiblí oscailte ón 31 Iúil 2024. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí nó tuairimí scríofa a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo ná am scoir gnó an 4 Meán Fómhair 2024 ar a dhéanaí. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.


Cáipéisí

Tá cáipéisí ar fáil trí Thairseach Shuímh Ghréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

https://consultation.dublincity.ie/planning/morgan-off-shore-wind-project

Téarmaí agus Coinníollacha

Neamhbhainteach - déantar aighneachtaí go díreach chuig an údarás inniúil, mar sin ní bheidh aighneachtaí á bhfáil ag an Roinn ná ag aon údarás pleanála. Ar an mbonn sin, níor cheart go mbeadh aon imní maidir le RGCS.

Sonraí teagmhála d’aighneachtaí nó tuairimí

Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a dhíriú chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin

An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,

Bloc 4, An Tríú Urlár, Oifigí na Cathrach,

An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8

T: 01-2223108 R: greg.bryan@dublincity.ie