Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann - Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Awel y Mȏr, thart ar 10km amach ó chósta Thuaisceart na Breataine Bige
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Meán Fómhair 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 4 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2023
Consultation is closed
Achoimre
An 20 Meán Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Choinbhinsiún Espoo, chuir an Roinn um Shlándáil Fuinnimh agus glan‑nialasach in iúl don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin gcinneadh a rinne an Rúnaí Stáit, Ordú Toiliú Forbartha a dheonú d’fheirm ghaoithe Awel y Môr amach ón gCósta. Cóip den chinneadh seo
Ar an 24 Meán Fómhair 2021, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, ráiteas scagtha MTT maidir le Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Awel y Mȏr, a rinneadh thar ceann an Státrúnaí ag an gcéim réamhiarratais. D'aimsigh an próiseas scagtha trasteorann fadhbanna trasteorann féideartha d'Éirinn maidir leis na tionchair a bheadh aige ar éisc, sliogéisc, mamaigh mara agus éin fharraige agus loingseoireacht thráchtála. Ina dhiaidh sin, ar an 3 Lúnasa 2022, scríobh Cigearacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (CPRA) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d'Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann toisc go raibh an Státrúnaí tar éis iarratas pleanála a fháil don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 - 2022.
Cén fáth a dtabharfar faoin gcomhairliúchán seo?
I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann ("Coinbhinsiún Espoo") 1991, tá sé de cheangal ar na Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stáit ina aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta. Chun na críche sin, tá sé de cheangal ar an Stát trasteorann a bhfuil an tionscadal beartaithe á dhéanamh ina chríocha cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.
Fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litir fhógra arna dhátú an 3 Lúnasa 2022 ó CPRA maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha (iarratas pleanála) d'Fheirm Ghaoithe Amach ón gCósta Awel y Mȏr atá beartaithe agus a bheidh suite thart ar 10km amach ó chósta thuaidh na Breataine Bige.
Tugann an litir ó CPRA le fios go bhfuil an Státrúnaí tar éis iarratas maidir leis an bhforbairt bheartaithe a fháil. Is tionscadal í Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta Awel y Mȏr atá á forbairt ag RWE Renewables (RWE) in iarthar Fheirm Ghaoithe Amach ón gCósta Gwynt y Mȏr atá ann cheana féin. Tá sé suite thart ar 10km amach ó chósta na Breataine Bige i Muir Éireann, le limistéar iomlán uasta de 88km agus cuimsítear leis 91 gineadóir tuirbín gaoithe.
Beidh an méid seo a leanas san fhorbairt bheartaithe (ach níl sé teoranta dóibh seo): feirm ghaoithe amach ón gcósta, lena n-áirítear gineadóir tuirbín gaoithe agus na bunsraitheanna a théann leo, trealamh tomhais ghaoithe agus cáblaí eagair; bonneagar tarchurtha, lena n-áirítear fostáisiúin amach on gcósta agus na bunsraitheanna a théann leo, cáblaí easpórtála amach ón gcósta agus ar an gcósta (faoi thalamh), lena n-áirítear bánna aistrithe lena mbaineann agus bánna siúntála, fostáisiún ar an gcósta, agus bonneagar atá ceangailte leis an Eangach Náisiúnta.
Aithníodh an fhorbairt bheartaithe mar thionscadal faoi raon feidhme alt 22 d'Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Espoo mar a chuirtear chun feidhme é le Rialacháin um Pleanáil Bonneagar (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 2017 ("na Rialacháin MTT") (reachtaíocht RA).
Dá bharr sin, rinne an Státrúnaí scagadh MTT trasteorann. Chinn an gníomh scagtha sin go bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith aici ar an Stát seo. Áirítear leis na fadhbanna trasteorann a rinneadh scagadh orthu tionchair ar éisc agus sliogéisc, mamaigh mara agus éin fharraige, agus loingseoireacht thráchtála.
Cuireann an litir arna dhátú an 3 Lúnasa 2022 sonraí ar fáil maidir leis an áit ar féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin CPRA - féach freisin an nasc atá le fáil faoi "Conas Páirt a Ghlacadh" faoi seo.
Conas Páirt a Ghlacadh
Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena
n-áirítear cáipéis bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha CPRA, ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
De bharr go bhfuil iarratas d'fhorbairt ar an scála seo ollmhór, tá an t-iarratasóir tar éis cáipéis darb ainm "Treoir maidir leis an Iarratas" a sholáthar freisin, ag déanamh achoimre ar struchtúr an iarratais don toiliú don fhorbairt maidir leis an bhForbairt Bheartaithe.
Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ón CPRA a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus nascanna a bhaineann leis curtha ar fáil ag an CPRA don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.
Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanala do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.
Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údarás áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil. Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.
Ag déanamh aighneachtaí nó ag tabhairt tuairimí
Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh go díreach chuig Cigearacht Phleanála RA ag AwelyMor@planninginspectorate.gov.uk
Spriocdhátaí d'aighneachtaí nó tuairimí
Tá an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí oscailte ón Aoine an 30 Meán Fómhair 2022. Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a fháil ag an gCigearacht Phleanála faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo ná am scoir gnó ar an Aoine an 4 Samhain 2022 ar a dhéanaí. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.
Cáipéisí
Tá cáipéisí ar fáil trí Thairseach Shuímh Ghréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Sonraí teagmhála d'aighneachtaí nó tuairimí
Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a dhíriú chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:
Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin
An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,
Bloc 4, An Tríú Úrlár, Oifigí na Cathrach,
An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8
T: 01-2223108
toradh an chomhairliúcháin
An 20 Meán Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Choinbhinsiún Espoo, chuir an Roinn um Shlándáil Fuinnimh agus glan‑nialasach in iúl don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin gcinneadh a rinne an Rúnaí Stáit, Ordú Toiliú Forbartha a dheonú d’fheirm ghaoithe Awel y Môr amach ón gCósta.