English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Do Pháirceanna, Do Thuairim'

Consultation is closed


Cén fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn

Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag iarraidh dul i dteagmháil leis an bpobal agus le raon leathan páirtithe leasmhara faoi Chóras na bPáirceanna Náisiúnta in Éirinn.

Faoi láthair tá ocht bPáirc Náisiúnta in Éirinn:

  • Páirc Náisiúnta Chill Áirne, Co. Chiarraí
  • Páirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí, Co. Chiarraí
  • Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, Co. Mhaigh Eo
  • Páirc Náisiúnta Chonamara, Co. na Gaillimhe
  • Páirc Náisiúnta na Boirne, Co. an Chláir
  • Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Co. Dhún na nGall
  • Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin
  • Brú na Bóinne, Co. na Mí

Chomh maith le bheith ina limistéir thábhachtacha chaomhantais, feidhmíonn na Páirceanna Náisiúnta mar áiseanna tábhachtacha do mhuintir na háite agus cuairteoirí ó níos faide i gcéin. Le fás ar líon na dtiomantas caomhnaithe náisiúnta mar aon le líon méadaitheach cuairteoirí chuig ár bPáirceanna, tá an SPNF ag iarraidh dul i dteagmháil leis an bpobal chun a dtuairimí ar an Páirceanna Náisiúnta a thuiscint agus chun cuidigh le heolas a thabhairt do raon leathan de chinntí beartais, lena n-áirítear:

  • Seirbhísí agus Áiseanna do Chuairteoirí
  • Tionscnaimh Chaomhantais
  • Bonneagar
  • Reachtaíocht
  • Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara

Iarratais

Tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn anois maidir le todhchaí Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann. Is féidir teacht ar an suirbhé ar líne ag na naisc seo a leanas:

Má theastaíonn cúnamh uait nó má tá leagan as líne den fhoirm uait, seol ríomhphost le do thoil

comhairliúchán@npws.gov.ie

Is é an 28 February 2025 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil


Téarmaí agus Coinníollacha

Ní fhoilseofar aighneachtaí a gheofar ina n-aonar, ach féadfar na sonraí ó aighneachtaí a úsáid i bhfoirm chomhiomlán nó staidrimh i dtuarascálacha eile. Féadfaidh téacs na dtuairimí aonair a bheith san áireamh.

Iarrtar ort gan aon fhaisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach i réimsí téacs do fhreagra. Déanfar aon fhaisnéis phearsanta agus aitheantais a leasú sula gcuirfear san áireamh in aon fhoilseachán í.

Tá gach aighneacht agus trácht a chuirtear faoi bhráid na Roinne faoi réir na bhforálacha maidir le scaoileadh taifead faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014, Rialacháin na Comhphobail Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014 agus leis an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

Is féidir Ráiteas Príobháideachta na Roinne a fheiceáil thíos.


Ráiteas Príobháideachta

Is féidir Ráiteas Príobháideachta na Roinne a fheiceáil thíos:

Privacy Statement Future of our National Parks
Amharc amharc