Glao ar Aighneachtaí: Ráiteas Straitéise 2023 - 2025
- Foilsithe: 4 Aibreán 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Aibreán 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 21 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cén fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag athbhreithniú a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2023 – 2025 faoi láthair.
Léiríonn Ráiteas Straitéise na Roinne gealltanais na Roinne mar atá sa:
- Chlár Rialtais – Ár dTodhchaí Roinnte
- Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide
- Chreat Náisiúnta Pleanála i measc cinn eile.
Feidhmíonn an Ráiteas Straitéise mar chreat d’obair na Roinne, agus tá sé bunaithe ar mhisean agus sé sprioc straitéiseacha na Roinne. Soláthraíonn sé eolas ar conas a dhéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, trí aschuir, torthaí agus táscairí feidhmíochta intomhaiste a shainaithint.
Beidh deis sa Ráiteas Straitéise 2023-2025 chun dul chun cinn atá déanta agus comhthéacs éabhlóideach na dtrí bliana seo caite a chur san áireamh, chun seasamh níos eolasaí don tréimhse 2023-2025 a léiriú agus a thaispeáint.
Conas páirt a ghlacadh
Aighneachtaí
Tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn anois maidir lena Ráiteas Straitéise. Seol d’aighneacht chuig strategy@housing.gov.ie.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm, Dé hAoine an 21 Aibreán 2023.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Cé is moite d’ainm agus do sheoladh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht nó i do thuairimí agus glacfar leis gur féidir gach faisnéis atá i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do thuairimí
Tabhair faoi deara le do thoil, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfar gach aighneacht scríofa a gheofar a phostáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.