Glao ar Aighneachtaí: Ráiteas Straitéise 2025 - 2027
- Foilsithe: 28 Feabhra 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Feabhra 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 28 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2025– 2027 faoi láthair.
Léiríonn Ráiteas Straitéise na Roinne gealltanais na Roinne sa Chlár An Rialtais, sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus sa Chreat Náisiúnta Pleanála i measc eile. Feidhmíonn an Ráiteas Straitéise mar chreat d’obair na Roinne, agus tá sé bunaithe ar mhisean agus ar sheacht sprioc straitéiseacha na Roinne. Soláthraíonn sé eolas ar conas a dhéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, trí aschuir, torthaí agus táscairí feidhmíochta intomhaiste a shainaithint.
Tá an Ráiteas Straitéise reatha le fáil anseo. Tá tuilleadh sonraí ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na Roinne ar fáil anseo.
Aighneachtaí
Tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn anois maidir lena Ráiteas Straitéise. Seol d’aighneacht chuig strategy@housing.gov.ie.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm, Dé hAoine an 28 Márta 2025.
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Cé is moite d’ainm agus seoladh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht nó i do thuairimí agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do thuairimí
Tabhair faoi deara le do thoil, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfar gach aighneacht scríofa a gheofar a phostáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.