English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Measúnú Tionchair Timpeallachta Trasteorann (MTT) Comhairliúchán Poiblí – Forbairt Feirme Gaoithe Amach ón gCósta de chuid Morecambe, suite thart ar 30km amach ó chósta Lancashire

Consultation is closed


Achoimre

Ar an 16 Samhain 2022, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, ráiteas scagtha MTT trasteorann maidir le Forbairt Feirme Gaoithe Amach ón gCósta de chuid Morecambe atá beartaithe, a rinneadh thar ceann Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe ag an gcéim réamhiarratais. Sa phróiseas scagtha trasteorann aimsíodh fadhbanna trasteorann féideartha d'Éirinn maidir leis na tionchair a bheadh ann ar iascaireacht tráchtála agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.

Ina dhiaidh sin, ar an 26 Iúil 2024, scríobh Cigireacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (PINS) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d'Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann mar gur ghlac an tÚdarás Scrúdúcháin le scrúdú a dhéanamh ar an iarratas pleanála don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 – 2024.

Chomh maith leis sin, i ndiaidh glacadh leis an iarratas pleanála rinneadh an dara scagadh trasteorann ar an 26 Iúil 2024. Mar gheall ar an bpróiseas scagtha trasteorann sin thángthas ar an gconclúid nach dócha gur tionchair shuntasacha a bheadh i dtionchair thimpeallachta trasteorann féideartha d'Éirinn. Reáchtálfar comhairliúchán poiblí, áfach, i gcomhréir le nósanna imeachta forbairtí chomhchosúla agus torthaí scagtha tosaigh chun deis a thabhairt don phobal aighneachtaí maidir leis an bhforbairt bheartaithe a dhéanamh.


Cén fáth a bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”) 1991, tá sé de cheangal ar Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán trasteorann, lena n-áirítear comhairliúchán leis an bpobal, maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stát in aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta forbartha beartaithe. Chun na críche sin, tá sé de cheangal ar an Stát trasteorann a bhfuil an tionscadal beartaithe á dhéanamh ina chríocha cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litreach fógra dar dáta 26 Iúil 2024 ó CPRA, maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha d'Fhorbairt Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta de chuid Morecambe atá beartaithe agus atá anois ag an gcéim réamhscrúdaithe dá bpróiseas ordaithe toilithe forbartha.

Tá an fhorbairt atá beartaithe comhdhéanta de (ach gan a bheith teoranta do) eagar feirm ghaoithe amach ón gcósta atá suite in oirthear Mhuir Éireann, 30km ó chósta Lancashire.

Tá sé socraithe ag Rúnaí Stáit na RA go dteastaíonn measúnú tionchair timpeallachta ar an bhforbairt atá beartaithe, agus dá bhrí sin tá scagadh trasteorann MTT déanta acu. Chinn an gníomh scagtha tosaigh seo go bhféadfadh tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith ag an bhforbairt bheartaithe in Éirinn lena n-áirítear tionchair shuntasacha ar iascaireacht tráchtála agus loingseoireacht agus stiúradh loinge. Chinn an dara gníomh scagtha nach tionchair shuntasacha a bheadh sna tionchair thimpeallachta trasteorann


Measúnú Scagtha

Cuireann an litir arna dhátú an 26 Iúil 2024 sonraí ar fáil maidir leis an áit ar féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bhforbairt bheartaithe ar shuíomh gréasáin CPRA – féach freisin an nasc atá le fáil faoi "Conas Páirt a Ghlacadh" faoi seo.


Conas Páirt a Ghlacadh

Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear cáipéis bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha PINS, ar fáil ar a shuíomh gréasáin ag:

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010121/documents

Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ón CPRA a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus naisc a bhaineann leis atá curtha ar fáil ag an CPRA don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.

thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanála do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.

Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údarás áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil. Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.


Aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh go díreach chuig Cigireacht Phleanála RA ag

Morecambeoffshorewindproject@planninginspectorate.gov.uk


Spriocdhátaí le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí

Osclófar an comhairliúchán poiblí ó 4 Meán Fómhair 2024. Is é deireadh am scoir gnó an 9 Deireadh Fómhair 2024 ar a dhéanaí an spriocdháta chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.


Cáipéisí

Tá cáipéisí ar fáil trí Thairseach Shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath


None

Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin

Déantar aighneachtaí go díreach chuig PINS, mar sin ní bheidh aighneachtaí á bhfáil ag an Roinn ná ag aon údarás pleanála. Déanfar athbhreithniú ar aighneachtaí óna thaobh sin de, agus is féidir téarmaí agus coinníollacha agus tuilleadh eolais ar a bpróisis a fháil ar a suíomh gréasáin.

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010121


Sonraí teagmhála d'aighneachtaí nó tuairimí

Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a dhíriú chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin

An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,

Bloc4, Urlár 3, Oifigí na Cathrach,

An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8

F: 01-2223108 R: greg.bryan@dublincity.ie