English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Measúnú Tionchair Timpeallachta Trasteorann (MTT) Comhairliúchán Poiblí Forbairt Thionscadal Cumhachta XNaisc Maracó-Ríocht Aontaithe

Consultation is open

Atá suite ó theorainn Chrios Eacnamaíoch Eisiach na Ríochta Aontaithe (CEE) go dtí láithreán talún beartaithe ag Raon Cornborough in Devon, an Ríocht Aontaithe


Achoimre

Ar an 12 Lúnasa 2024, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ráiteas scagtha MTT trasteorann maidir leis an bhforbairt bheartaithe NaiscX Maracó-Ríocht Aontaithe Tionscadal Cumhachta, a rinneadh thar ceann Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe ag an gcéim réamhiarratais. Shainaithin an próiseas scagtha trasteorann saincheisteanna trasteorann féideartha maidir le hÉire maidir le tionchair ar iascaireacht tráchtála, mamaigh agus turtair mhuirí, úsáideoirí mara eile agus loingseoireacht agus stiúradh loinge.

Ina dhiaidh sin, ar an 31 Eanáir 2025, scríobh Cigireacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (CPRA) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann toisc gur ghlac an tÚdarás Scrúdúcháin leis an iarratas pleanála don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 – 2024.

Chomh maith leis sin, i ndiaidh glacadh leis an iarratas pleanála rinneadh an dara scagadh trasteorann ar an 10 Eanáir 2025. Mar gheall ar an bpróiseas scagtha trasteorann sin thángthas ar an gconclúid nach dócha gur tionchair shuntasacha a bheadh i dtionchair thimpeallachta trasteorann féideartha d’Éirinn. Reáchtálfar comhairliúchán poiblí, áfach, i gcomhréir le nósanna imeachta forbairtí chomhchosúla agus torthaí scagtha tosaigh chun deis a thabhairt don phobal aighneachtaí maidir leis an bhforbairt bheartaithe a dhéanamh.


Cén fáth a bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán?

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”) 1991, tá sé de cheangal ar Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán trasteorann, lena n-áirítear comhairliúchán leis an bpobal, maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stát in aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt bheartaithe. Chun na críche sin, ceanglaítear ar an Stát trasteorann a mbeartaítear an tionscadal a chur i gcrích ina chríoch cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litreach fógra dar dáta 31 Eanáir 2025 ó CPRA, a bhaineann le hiarratas ar thoiliú forbartha do NaiscX Maracó-Ríocht Aontaithe Tionscadal Cumhachta atá anois ag an gcéim réamhscrúdaithe dá bpróiseas ordaithe toilithe forbartha.

Tá an fhorbairt atá beartaithe comhdhéanta (ach gan a bheith teoranta dó) de chábla leictreach fomhuirí

atá le suiteáil ó theorainn Chrios Eacnamaíoch Eisiach na Ríochta Aontaithe (CEE) go dtí láithreán talún beartaithe ag Raon Cornborough in Devon, Ríocht Aontaithe. Cuimsíonn an cábla fomhuirí thart ar 370km de cháblaí Sruth Díreach Ardvoltais (HVDC) in dhá phéire chuachta. Ón teacht i dtír, cuirtear an cábla ar tír ar feadh thart ar 14km go dhá stáisiún tiontaire ar thalamh siar ó fhostáisiún Alverdiscott 400kV. Bheadh na stáisiúin tiontaire nasctha le fostáisiún Alverdiscott 400kV ag cáblaí Sruth Ailtéarnach Ardvoltais (SDAV). D.fhéadfaí Fostáisiún 400V curtha ina ionad ag Alverdiscott a bheith san áireamh san Fhorbairt Bheartaithe.

Tá sé socraithe ag Rúnaí Stáit na RA go dteastaíonn measúnú tionchair timpeallachta ar an bhforbairt atá beartaithe, agus dá bhrí sin tá scagadh trasteorann MTT déanta acu. Deimhníodh sa ghníomh scagtha tosaigh trasteorann go bhféadfadh tionchair timpeallachta trasteorann a bheith ag an bhforbairt bheartaithe in Éirinn lena n-áirítear tionchair shuntasacha ar iascaireacht tráchtála, éisc agus sliogéisc, mamaigh mhuirí agus loingseoireacht agus stiúradh loinge. Chinn an dara gníomh scagtha nach tionchair shuntasacha a bheadh sna tionchair thimpeallachta trasteorann.


Measúnú Scagtha

Sa litir dar dáta an 31 Eanáir 2025, tugtar sonraí faoin áit ar féidir tuilleadh faisnéise faoin bhforbairt bheartaithe a fháil ar shuíomh gréasáin CPRA – féach freisin an nasc a sholáthraítear faoi ‘Conas páirt a ghlacadh’ thíos.


Conas Páirt a Ghlacadh

Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n áirítear cáipéis bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha CPRA, ar fáil ar a shuíomh gréasáin ag:

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010164

Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar an tairseach comhairliúcháin phoiblí de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ó CPRA a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus naisc a bhaineann leis atá curtha ar fáil ag PINS don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.

https://engage.dublincity.ie/en-IE/projects/xlinks-morocco-uk-power-project

Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanála do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.

Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údaráis áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil chomh maith. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.


Aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh go díreach chuig Cigireacht Phleanála RA ag

xlinks@planninginspectorate.gov.uk


Spriocdhátaí le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí

Osclófar an tréimhse chomhairliúchán phoiblí ón 6 Márta 2025. Is é am scoir gnó ar an 17 Aibreán 2025ar a dhéanaí an spriocdháta chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.


Cáipéisí

Tá cáipéisí ar fáil trí Thairseach Shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

https://engage.dublincity.ie/en-IE/projects/xlinks-morocco-uk-power-project


Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin

Cuirtear aighneachtaí go díreach chuig an CPRA, mar sin ní bheidh aighneachtaí á bhfáil ag an Roinn ná ag aon údarás pleanála. Déanfar athbhreithniú ar aighneachtaí óna thaobh, agus is féidir téarmaí agus coinníollacha agus tuilleadh eolais ar a phróisis a fháil ar a shuíomh gréasáin.

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010164


Sonraí teagmhála d’aighneachtaí nó tuairimí

Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a chur chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin

An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,

Bloc4, Urlár 3, Oifigí na Cathrach,

An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8

T: 01-2223108 R: greg.bryan@dublincity.ie