Páipéar Comhairliúcháin ar Anailís Tionchair Rialála maidir le Coimisiún Toghcháin a Bhunú
- Foilsithe: 3 Eanáir 2019
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Nollaig 2018
- Dúnadh na haighneachtaí: 15 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022
Consultation is closed
D’fhoilsigh an tUasal Eoghan Murphy, T.D., an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtai Áitiúil agus an tUasal John Paul Phelan, T.D., an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Athchóiriú Toghchán, Anailís Tionchair Rialála maidir le Coimisiún Toghcháin a Bhunú chun dearcthaí an phobail a fháil faoin dóigh ar cheart an coimisiún a bhunú agus faoi na feidhmeanna ba cheart sannadh dó.
Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh againn?
Tá tiomantas maidir le coimisiún toghcháin a bhunú sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíocht de mhí na Bealtaine 2016. Ba é seo a leanas an príomhchuspóir a bheadh ag coimisiún toghcháin:
- athchóirithe a chur ar aghaidh lena rachfaí i ngleic leis na saincheisteanna éagsúla a sainaithníodh le riarachán agus beartas toghcháin; agus
- comhtháthú agus comhordú a chur i gcúrsaí beartais agus oibriúcháin agus sa chaoi sin feabhas a chur ar riarachán toghchán do thoghthóirí.
D’fhoilsigh an Comhchoiste Comhshaoil, Cultúir agus Gaeltachta tuarascáil maidir le coimisiún toghchán a bhunú i mí Eanáir 2016. Tá sraith moltaí sa tuarascáil sin maidir le coimisiún toghcháin a bhunú, lena n-áirítear feidhmeanna ba cheart sannfadh dó; neamhspleáchas, ballraíocht agus sásraí cuntasachta; agus próiseas an bhunaithe.
D’ullmhaigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Anailís Tionchair Rialála (ATR) maidir le coimisiún toghcháin a bhunú. Leagtar amach líon roghanna san ATR maidir le coimisiún toghcháin a bhunú, lena n-áirítear feidhmeanna a bhféadfaí a shannadh dó. Tugtar aird sna roghanna sin do mholtaí an Chomhchoiste Comhshaoil, Cultúir agus Gaeltachta.
Tugtar cuireadh don phobal agus do na páirtithe leasmhara ar fad a tuairimí a thabhairt, buarthaí ar bith a clárú, a dtacaíocht a chur in iúl, fadhbanna ar bith a shainaithint maidir le coimisiún toghcháin a bhunú, lena n-áirítear a fheidhmeanna; nó abair rud éigin go díreach. Déanfar anailís ar na hionchuir ar fad a gheofar agus úsáidfear an t-ábhar chun bonn eolais a chur faoin rogha is fearr maidir le coimisiún toghcháin a bhunú, a chuirfear faoi bhráid an Rialtais.
Conas páirt a ghlacadh ann?
Déan Aighneacht
Is é an spriocdháta 15 Márta 2019.
Le Ríomhphost – i bhformáid Word chuig electoralcommission@housing.gov.ie.
De rogha air sin, is féidir freagairtí a chur sa phost chuig: Comhairliúchán um Choimisiún Toghcháin, Rannán na dToghchóras, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.
Ba cheart a thabhairt faoi deara ar mhaithe le trédhearcacht, go mbeidh gach aighneacht scríofa a gheofar ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis íogair phearsanta, rúnda nó tráchtála a chur i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad é a Dhéanfaimid le Do Fhreagairt
Cuirfidh do fhreagairt bonn eolais faoi rogha is fearr a fhorbairt maidir le coimisiún toghcháin a bhunú.
Beidh na haighneachtaí ar fad a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí.